Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí treoir maidir le cosaint sonraí agus gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála

09th Mí Deireadh Fomhair 2018

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ábhair threorach inniu a bhaineann le cosaint sonraí i gcomhthéacs gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála.

Tugtar sa doiciméad ‘Toghcháin agus Canbhasáil: Cosaint Sonraí agus Margaíocht Leictreonach – na Cearta Cosanta Sonraí atá ag Daoine Aonair’ comhairle agus faisnéis do dhaoine den phobal faoi na cearta cosanta sonraí atá acu nuair atá a sonraí pearsanta á bpróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála.  Tá nasc chuig an doiciméad anseo  

Tugtar sa doiciméad ‘Toghcháin agus Canbhasáil: Cosaint Sonraí agus Margaíocht Leictreonach’ comhairle agus faisnéis faoi na freagrachtaí atá ar dhaoine a phróiseálann sonraí pearsanta le haghaidh gníomhaíochtaí toghcháin agus canbhasála.  Tá nasc chuig an doiciméad anseo.

Sa tréimhse atá romhainn, foilseoidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí tuilleadh treorach maidir le cosaint sonraí d’ionadaithe tofa agus maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.