Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an ráiteas ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le dearbhú aoise

Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an ráiteas le déanaí ar ghlac an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí é maidir le dearbhú aoise. Glacadh an ráiteas ag cruinniú iomlánach an Bhoird Eorpaigh i mí Feabhra 2025, agus liostaítear ann deich bprionsabal le haghaidh próiseáil chomhlíontach sonraí pearsanta le linn aois nó aoisraon duine aonair a chinneadh.

Mar gheall ar a thábhachtaí atá sé cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh i leith dearbhú aoise, is mian leis an mBord Eorpach treoir shonrach agus prionsabail ardleibhéil a thagann ón Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a sholáthar, ar treoir agus prionsabail iad ba cheart a chur san áireamh agus sonraí pearsanta á bpróiseáil ó thaobh dearbhú aoise de. Tá sé mar aidhm leis na prionsabail bheartaithe cosaint leanaí agus cosaint sonraí pearsanta a réiteach le chéile ó thaobh dearbhú aoise de.

Dúirt Jennifer Dolan, Leas-Choimisinéir:

Bhí lúcháir ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí a bheith ina chomhrapóirtéir ar an ráiteas tábhachtach seo maidir le dearbhú aoise, rud a d’fhoilsigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí. Is é aidhm an ráitis seo cur chuige comhsheasmhach Eorpach a chinntiú i leith dearbhú aoise, ar cur chuige é lena gcosnaítear folláine leanaí agus lena gcomhlíontar prionsabail um chosaint sonraí an tráth céanna."

Léigh an leagan iomlán de Ráiteas 1/2025 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí maidir le Dearbhú Aoise anseo.