Ceisteanna Coitianta
Tá ábhar imní agam maidir le híomhá atá ar fáil ar Google Street View. Cad ba cheart dom a dhéanamh?
I gcás go ngabhtar íomhánna le ceamaraí Street View, is gnách go mbíonn moill ama ann idir na híomhánna a ghabháil agus iad a fhoilsiú ar an Idirlíon. Dá bhrí sin, níl an íomhá atá ar fáil trí Street View ina híomhá ‘fíor-ama’. Cuirtear an mhoill sin ar chumas Google chun teicneolaíocht geamhaithe a chur le haghaidh daoine agus le plátaí clárúcháin cairr. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach sonraí pearsanta iad radhairc shráide ar réadmhaoine nó ar pheataí teaghlaigh agus, dá bhrí sin, níl siad faoi réir an dlí um chosaint sonraí (agus, mar gheall air sin, níl siad faoi réir iarrataí ar léirscriosadh faoi Airteagal 17 RGCS).
In amanna, fiú i gcás go n-úsáidtear teicneolaíocht geamhaithe, is féidir go mbeifear in ann duine aonair a shainaithint. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh daoine aonair a iarraidh go mbainfí an íomhá nó a n-ábhair imní a thuairisciú go díreach do Google agus ba cheart go mbeadh Google in ann baint na híomhá a éascú. Tá nasc ‘tuairiscigh fadhb’ le fáil ag bun gach íomhá ar Street View agus is féidir le daoine aonair na céimeanna atá leagtha amach a leanúint chun ábhar imní a thuairisciú. Má bhíonn aon deacracht ag duine aonair dul chun cinn a dhéanamh ar a c(h)eist trí Google, áfach, féadfaidh sé/sí an ní a chur in iúl don oifig seo.