Ceisteanna Coitianta
Cé na bearta slándála ba cheart dom a bheith i bhfeidhm agam chun sonraí pearsanta a chosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe?
Ceanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) go gcuirfí bearta slándála cuí i bhfeidhm ina gcuirtear san áireamh an dochar a d’eascródh as próiseáil de thaisme nó neamhdhleathach, lena n-áirítear scriosadh, cailleadh nó athrú na faisnéise, nochtadh neamhúdaraithe na faisnéise nó rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis. Ba cheart rúndacht, sláine, infhaighteacht agus athléimneacht leanúnach na gcóras próiseála a chinntiú leis na bearta slándála. Ba cheart a chur san áireamh ansin an dea-chleachtas sa teicneolaíocht ar fáil agus sna próisis ar fáil agus costas na suiteála.
De bhreis ar bhearta slándála teicniúla, ní mór breithniú a dhéanamh ar bhearta eagraíochtúla, amhail rochtain ar thaifid pháipéir agus rialú rochtana le haghaidh freastalaithe lárnacha TF agus le haghaidh ríomhairí pearsanta áitiúla.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn maidir le foinsí faisnéise atá le cur san áireamh le linn do shlándáil a athbhreithniú nó a shocrú.