Foinsí eolais le cur in áireamh agus do shlándáil á athbhreithniú nó á shocrú

03rd Mí Iúil 2019

Mar go bhfuil níos mó agus níos mó sonraí pearsanta ag eagraíochtaí, tá sé tábhachtach go ndéanann eagraíochtaí cinnte go stóráiltear an fhaisnéis atá acu a mbaineann le daoine aonair go slán agus go sábháilte.

Tá roinnt rioscaí gur féidir leo dul i bhfeidhm ar shlándáil na sonraí pearsanta a stórálann eagraíocht agus ba cheart go mbeadh tuiscint ag eagraíochtaí ar na rioscaí féideartha chomh maith leis na bearta cuí gur féidir glacadh chun iad a laghdú. Ba cheart go ndéantar athbhreithniú ar seo mar chuid de mheasúnú riosca, nó níos foirmiúla mar chuid de Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí.

Thíos tá roinnt foinsí eolais gur fiú smaoineamh orthu má tá tú ag déanamh athbhreithniú ar bearta slándála agus ag aithint na rioscaí slándála is déanaí.

 

Níl thuas ach liosta táscach agus neamhiomlán, agus molann an Coimisiún um Chosaint Sonraí d’eagraíochtaí féachaint ar iadsan agus foinsí eile nuair atá siad ag déanamh measúnú ar a gcleachtais slándála. Ar ndóigh, más cuí é, ba cheart d’eagraíochtaí comhairle neamhspleách dlí agus/nó slándáil maidir lena n-oibleagáidí de réir dlí um chosaint sonraí.