Ceisteanna Coitianta
Gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí
Más mian leat ábhar imní a chur in iúl nó gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), is féidir leat dul chuig an rannán ‘Déan teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí’ de shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus an fhoirm Ghréasáin a chomhlánú ina hiomláine.
De rogha air sin, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig an gCoimisiún ag info@dataprotection.ie. Beidh ort d’ábhar imní maidir le cosaint sonraí a leagan amach go soiléir.
Is cuma cén modh a roghnaíonn tú, ba cheart duit cóipeanna den chomhfhreagras idir tusa agus an rialaitheoir sonraí a chur isteach freisin. Léigh an treoir uainn maidir le doiciméid tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith de dhíth nuair a chuireann tú ábhar imní in iúl don Choimisiún. Agus cóipeanna den chomhfhreagras malartaithe á gcur isteach agat, déan cinnte de go gcuireann tú cóipeanna de na ríomhphoist bhunaidh iomlána ar áireamh. Ba cheart ceanntásca, buntásca agus dátaí agus amanna a bheith infheicthe iontu freisin.
Cé go bhfaighidh tú admháil láithreach á rá go bhfuarthas do theagmháil tosaigh leis an oifig, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún freagra substainteach a thabhairt ar cheisteanna agus ar ábhair imní laistigh de 20 lá oibre ón gceist tosaigh a fháil.
Tabhair faoi deara nach n-eisítear admháil ach amháin nuair a dhéantar teagmháil tosaigh leis an gCoimisiún agus nach n-eisítear litreacha admhála mar ghnáthnós i gcás aon chomhfhreagrais nó aon mheabhrúcháin a sheoltar chugainn ina dhiaidh sin.