Ceisteanna Coitianta
Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) i ndáil le do chearta cosanta sonraí, is féidir leat déanamh amhlaidh trí fhoirm Ghréasáin a chur isteach, trí ríomhphost a sheoladh, leis an bpost nó ar an teileafón.
Foirm Ghréasáin: Is é an bealach is éifeachtaí chun teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir le haon cheisteanna nó ábhair imní atá agat ná trí na ceisteanna a chuirtear ar ár bhfoirm Ghréasáin (is féidir a rochtain ar ár suíomh Gréasáin) a fhreagairt ina n-iomláine. Tá an fhoirm Ghréasáin deartha go sonrach chun treoir a thabhairt duit maidir leis an bhfaisnéis is ábhartha a theastaíonn ón gCoimisiún a thabhairt dó chun go mbeidh sé in ann cabhrú leat i ndáil leis an gceist nó ábhar imní atá agat maidir le cosaint sonraí. A luaithe atá an fhaisnéis riachtanach ar fad atá san fhoirm Ghréasáin athbhreithnithe ag an gCoimisiún, beidh sé in ann ansin aghaidh a thabhairt ar d’ábhar imní maidir le cosaint sonraí ar bhealach níos éifeachtúla. Is féidir leat an fhoirm Ghréasáin a rochtain ar an rannán ‘Déan teagmháil linn ar líne’ de shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.
Ríomhphost: Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie freisin, agus d’ábhair imní maidir le cosaint sonraí á leagan amach agat. Ba cheart duit cóipeanna de chomhfhreagras a cheangal i gcás gur chuir tú d’ábhar imní in iúl don rialaitheoir sonraí. Má tá freagra faighte agat ón rialaitheoir sonraí, is féidir cóip den fhreagra ón rialaitheoir sonraí a chur isteach freisin.
Post: Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún leis an bpost, agus d’ábhair imní maidir le cosaint sonraí á leagan amach agat agus an comhfhreagras á sheoladh agat chuig: An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28.
Teileafón: Más mian leat labhairt le hoifigeach sa Choimisiún, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Chabhrach ag (01) 765 01 00 nó ag 1800 437 437 ó 9.30am go 1pm agus ó 2pm go 5pm ó Luan go hAoine.
Mura féidir leat dul i dteagmháil linn ar na bealaí thuasluaite, áfach, téigh i dteagmháil lenár n-Oifigeach Inrochtaineachta le do thoil.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nach dtabharfar ach faisnéis ghinearálta faoi chearta cosanta sonraí duit agus tú i dteagmháil leis an Deasc Chabhrach. Níl an Coimisiún in ann glacadh le gearáin ar an teileafón. Caithfear iad a chur isteach i scríbhinn agus b’fhearr iad a chur isteach trí fhoirm Ghréasáin (atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin). Ní féidir leis an gCoimisiún aon fhaisnéis a thabhairt duit faoi stádas aon ghearáin atá taiscthe agat nó faoi stádas aon Fhiosrúcháin a bhfuil an Coimisiún ag tabhairt faoi.