Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí mo shonraí pearsanta a fháil dom ó eagraíocht?
Baineann sé seo le hiarraidh Airteagal 15 ar rochtain d’ábhar sonraí.
Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) iarraidh ar rochtain a dhéanamh thar do cheann. Más mian le haon duine aonair cóip dá s(h)onraí pearsanta a rochtain, ní mór dó/di an t-iarratas sin a dhéanamh é/í féin ar dtús chuig an rialaitheoir sonraí. Más rud é nach bhfaightear aon fhreagra ón rialaitheoir sonraí nó go bhfuil an duine aonair míshásta leis an bhfreagra ón rialaitheoir sonraí, féadfar an ní a chur ar aghaidh chuig ár bhfoireann láimhseála gearán, a dhéanfaidh caidreamh leis an rialaitheoir sonraí thar do cheann.
Féadfaidh an Coimisiún, trínár bhfoireann láimhseála gearán, cabhrú leat cóipeanna de do shonraí pearsanta a fháil ó eagraíocht chomh fada is nach bhfuil aon srian dleathach ann ar na sonraí pearsanta sin a rochtain. Má tá na sonraí pearsanta le scaoileadh, scaoilfear iad go díreach chuig an ábhar sonraí aonair agus ní scaoilfear iad chuig an gCoimisiún.