Ceisteanna Coitianta
Conas a bhainim duine éagtha ó bhunachar sonraí margaíochta dírí?
Ba cheart é sin ar an mbealach caighdeánach trí scríobh chuig an eagraíocht (rialaitheoir sonraí) agus trí na himthosca a mhíniú. Cloífear leis sin i bhformhór mór na gcásanna, ós rud é nach mbeidh aon chás gnó ag an rialaitheoir sonraí i bhfabhar leanúint le teagmhálacha margaíochta dírí a sheoladh i gcásanna den sórt sin.
Ós rud é nach bhforáiltear leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí do cheart chun agóid i gcoinne teagmhálacha margaíochta dírí a fháil ach amháin do dhaoine beo, níl aon fhoráil shainráite ann d’agóid i gcoinne teagmhálacha poist den sórt sin atá seolta chuig duine éagtha. I gcás go bhfuil údar ann lena chreidiúint go bhfuiltear ag déanamh neamhiontas d’iarraidh réasúnach go mbainfí mionsonraí teagmhála duine éagtha chun leanúint le teagmhálacha poist a sheoladh chuig an teach cónaithe atá i gceist, áfach, is féidir go mbeidh cearta ann faoi na hAchtanna in imthosca den sórt sin ag duine aonair beo sa teach cónaithe sin chun agóid i gcoinne a bhfála.