Ceisteanna Coitianta
Cé na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le margaíocht dhíreach leictreonach?
Tá feidhm dhíreach ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) in Éirinn maidir le formhór na gcineálacha próiseála sonraí agus léitear é i gcomhar leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. De bhreis ar na rialacha ginearálta sin, áfach, tá rialacha ann a bhfuil feidhm shonrach acu maidir le margaíocht dhíreach leictreonach (margaíocht a sheoltar ar an teileafón, trí fhacs, trí theachtaireacht téacs agus le ríomhphost). Leagtar na rialacha sin amach sna Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach (I.R. Uimh. 336 de 2011).
Is é atá sna Rialacháin um Príobháideacht agus Cumarsáid Leictreonach ná tacar breise rialacha is infheidhme i leith cineálacha áirithe próiseála sonraí, lena n-áirítear margaíocht dhíreach leictreonach, agus léitear iad le chéile leis na rialacha atá san Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus in RGCS.