Ceisteanna Coitianta
An gá dom gearán a chur isteach sula bhféadfaidh mé dul chun cúirte?
Ní gá. Féadfaidh ábhar sonraí iarratas a dhéanamh chun cúirte faoi alt 117 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. I gcás go gcinneann duine aonair caingean den sórt sin a shaothrú, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon ról le himirt ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) in aon imeachtaí den sórt sin. De bhreis air sin, ní bheidh an Coimisiún in ann aon scrúdú atá á dhéanamh aige a bhrostú chun freastal ar aon chaingean cúirte den sórt sin. Mar an gcéanna, ní theastaíonn ón gcúirt an toradh ar scrúdú an Choimisiúin a bheith aici chun a cinneadh féin a dhéanamh. Mar sin féin, is féidir go mbeidh ar an gCoimisiún a scrúdú a chur ar fionraí nó a chur i gcrích más rud é go gcuirfeadh an scrúdú sin isteach ar imeachtaí cúirte comhuaineacha ar dhóigh ar bith.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach an treoir uainn maidir le maoirseacht ar shonraí pearsanta sna cúirteanna agus in eagrais reachtúla áirithe i dtaca lena gcuid feidhmeanna.