Maoirseacht ar shonraí pearsanta sna cúirteanna agus in eagrais reachtúla áirithe i dtaca lena gcuid feidhmeanna

Cosaint Sonraí agus na cúirteanna agus iad ag gníomhú ar bhonn breithiúnach

Cé gurb é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) an t-údarás maoirseachta do dhlíthe cosanta sonraí in Éirinn, tá rialacha speisialta i bhfeidhm nuair atá gníomhaíochtaí pearsanta próiseála sonraí ar bun ag na cúirteanna.  Sonraítear na rialacha speisialta seo in Airteagal 55(3) den Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR), a chuireann cosc ar an DPC, chomh maith le húdaráis eile cosanta sonraí de chuid an AE, maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála sonraí na gcúirteanna nuair atá siad ag gníomhú ar bhonn breithiúnach. Tá sé seo amhlaidh chun neamhspleáchas breithiúnach a chinntiú agus a gcuid feidhmeanna breithiúnacha á gcur i gcrích. 

Sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna atá ag eagrais reachtúla i dtaca le gearáin a láimhseáil, le fiosrúcháin a dhéanamh agus le cinntí a dhéanamh

Is é an DPC an t-údarás maoirseachta d’oibríochtaí próiseála sonraí a bhaineann le heagrais reachtúla a bhfuil feidhm acu i dtaca le gearáin a láimhseáil, le fiosrúcháin a dhéanamh agus/nó cinntí a dhéanamh lena n-áirítear an Coimisiún um Chaidrimh san Áit Oibre nó an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe.  Ach, nuair atá gearáin á láimhseáil ag an DPC a fuarthas ó dhaoine aonair i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs go bhfuil imeachtaí dlí reatha os comhar a leithéid d’eagras reachtúil, tabharfaidh an DPC aird ar shrianta a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar chearta cosanta sonraí an ghéillsinigh faoi Alt 60(3)(a)(iv) d’Acht na bliana 2018 a éileamh. D’fhéadfadh a leithéid de shrianta a bheith i bhfeidhm de réir mar is cuí agus mar is gá le haird ar aon éileamh nó ar aon imeacht dlí atá ann ag an am nó a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, nó aon imeacht reatha riaracháin atá ar bun roimh an eagras reachtúil. Agus machnamh á dhéanamh an bhféadfadh an rialtóir cuí srian a chur ar chearta an duine aonair faoin GDPR de réir an dlí ina leithéid de chomhthéacs, tabharfaidh an DPC aird faoi leith ar an sprioc leas an phobail atá mar bhonn faoi Alt 60(3)(a)(iv). Is é seo leas an phobail a chinntiú nach bhfuil aon phróiseas reachtúil (is é sin aon phróiseas a thugann an t-eagras reachtúil cuí faoi) claonta nó nach gcuirtear isteach air sa chaoi is go ndéanfaí an bonn a bhaint ó ardchaighdeán an phróisis reachtúla nó ó dhul chun cinn an eagrais sin.

Maoirseacht ar shonraí pearsanta sna cúirteanna agus in eagrais reachtúla áirithe i dtaca lena gcuid feidhmeanna- Treoirnóta Iomlán