Ceisteanna Coitianta
An dteastaíonn toradh an Choimisiúin um Chosaint Sonraí uaim le haghaidh comhlacht reachtúil eile?
Ní theastaíonn. Ina lán cásanna, déanfaidh ábhair sonraí gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) agus le comhlacht reachtúil eile amhail an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, an tÚdarás Rialála Seirbhísí Dlí, Oifig an Ombudsman, agus mar sin de. Ní theastaíonn an toradh ar scrúdú an Choimisiúin ó na comhlachtaí reachtúla sin chun a gcinneadh féin a dhéanamh ar an ngearán atá os a gcomhair, áfach. Faoi mar atá amhlaidh i gcás roinnt cásanna os comhair na gcúirteanna, is féidir go mbeidh ar an gCoimisiún a scrúdú a chur ar fionraí nó a chur i gcrích más rud é go gcuirfeadh an scrúdú sin isteach ar fheidhmeanna reachtúla na gcomhlachtaí sin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach an treoir uainn maidir le maoirseacht ar shonraí pearsanta sna cúirteanna agus in eagrais reachtúla áirithe i dtaca lena gcuid feidhmeanna.
Ba cheart d’ábhar sonraí a bhreithniú freisin, agus gearáin á gcur isteach aige/aici chuig dhá chomhlacht, an gcuirfeadh na hiarrataí isteach ar a chéile go díreach nó nach gcuirfeadh. Mar shampla, i gcás go ndéanann ábhar sonraí iarraidh ar léirscriosadh chuig rialaitheoir sonraí agus go ndéanann sé/sí gearán leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre freisin chun díospóid fostaíochta a scrúdú. Bheadh sé an-doiligh don rialaitheoir sonraí cloí leis an iarraidh ar léirscriosadh ón ábhar sonraí nó mar fhreagra ar scrúdú a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí agus cosaint láidir a thabhairt in imeachtaí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Ina theannta sin, is féidir nach mbeidh sé éifeachtúil don dá chomhlacht má chaitear a n-acmhainní ar scrúdú a dhéanamh ar dhá ghearán atá ag teacht salach ar a chéile, ar nós na ngearán sin. Ní mór don ábhar sonraí a t(h)osaíocht a roghnú agus an tosaíocht sin a shaothrú go dtí go gcuirfear i gcrích í sula gcinneann sé/sí an chéad chéim eile, más ann.