Ceisteanna Coitianta
Cén fáth a n-úsáideann sibh an focal “líomhnaithe” nuair atá sibh ag tagairt don ghearán uaim?
Le linn aon ghearán cosanta sonraí a scrúdú, ní féidir linn glacadh leis go bhfuil an ceart ag ceachtar páirtí. Ní mór dúinn fíorais uile an cháis a scrúdú sula dtagaimid ar chonclúid. Dá réir sin, is sáruithe líomhnaithe iad aon teagmhais sáruithe go dtí go gcuirtear an ní i gcrích. A luaithe a chuirtear an ní i gcrích, luafar sa toradh cé acu, bunaithe ar ár gcinntí fíorais, a tharla an teagmhas nó nár tharla.
Ní chuirtear clabhsúr ar chásanna i gcónaí trí scrúdú iomlán a dhéanamh ar an ní, áfach. In amanna, déantar gearáin a tharraingt siar nó a réiteach go cairdiúil agus, sna himthosca sin, is féidir gur ‘gearán líomhnaithe’ fós é an gearán.