Ceisteanna Coitianta
An bhfaighidh mé aon airgead má sháraigh rialaitheoir sonraí mo chearta cosanta sonraí?
Níl aon sásra ann faoina bhféadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cúiteamh a dhámhachtain. Dá bhrí sin, ní bhfaighidh tú aon airgead choíche ón gCoimisiún tar éis duit gearán a chur isteach, fiú i gcás go ndéantar cinneadh i d’fhabhar.
Is féidir go gcinnfidh roinnt rialaitheoirí sonraí beart dea-thola a thairiscint d’ábhar sonraí. Níl aon bhaint ag an gCoimisiún leis sin, áfach, agus ní fhéadfaidh sé iarraidh ar rialaitheoir sonraí beart dea-thola a bhreithniú ná aon tairiscint atá ann cheana a mhéadú. Mar an gcéanna, níl roinnt rialaitheoirí sonraí, amhail gníomhaireachtaí rialtais, in ann aon airgead a thairiscint mar bheart dea-thola. I gcás gur tairgeadh beart dea-thola dó/di, tá sé faoi gach ábhar sonraí a chinneadh an bhfuil sé/sí sásta glacadh leis nó nach bhfuil. Ní fhéadfaidh an Coimisiún aon chomhairle a thabhairt maidir leis sin toisc gur ní é idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir sonraí agus eatarthu sin amháin. Ba cheart aon éilimh chúitimh a thabhairt chun na gcúirteanna de réir Airteagal 82(6) RGCS.