Ceisteanna Coitianta
Cad is féidir liom a dhéanamh i gcás deacrachtaí leis an Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí uaim?
Chuaigh an creat ama míosa thart agus ní bhfuair mé mo shonraí go fóill. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Más rud é, tar éis dhul in éag na teorann ama míosa, nach bhfuair tú aon fhreagra ar bith ón rialaitheoir sonraí maidir leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uait, is féidir leat meabhrúchán a sheoladh chuig an rialaitheoir sonraí. Féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ag an am céanna.
Nílim sásta leis na freagraí a fuair mé ón rialaitheoir sonraí. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Más rud é nár tugadh freagra iomlán ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, nó go bhfuil tú míshásta ar shlí eile leis an bhfreagra a fuair tú ón rialaitheoir sonraí, molann an Coimisiún um Chosaint Sonraí duit na hábhair imní atá agat a chur in iúl i scríbhinn don rialaitheoir sonraí ar dtús agus deis a thabhairt dó/di freagra a thabhairt duit. Más rud é go mbeidh tú fós míshásta leis an bhfreagra ón rialaitheoir sonraí ansin, féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Agus gearán á dhéanamh agat, beidh ort cóipeanna den iarraidh bhunaidh a rinne tú chuig an rialaitheoir sonraí (lena n-áirítear aon mheabhrúcháin/aon chomhfhreagras ina dhiaidh sin) agus cóip den fhreagra ón rialaitheoir sonraí (an litir chumhdaigh amháin, gan aon chóipeanna de cibé sonraí pearsanta a sholáthair sé/sí) a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Iarrfar ort freisin mionsonraí faoi do ghearán cosanta sonraí a leagan amach go soiléir, mar aon le liosta d’aon sonraí pearsanta a chreideann tú a bheith amuigh (más é sin an chúis le do mhíshástacht). Scrúdóidh an Coimisiún an ní thar do cheann ansin agus coinneoimid tú ar an eolas faoin dul chun cinn ar an ní.
Ní féidir liom an rialaitheoir sonraí a aimsiú. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Beidh ar dhuine aonair iarracht a dhéanamh a fháil amach cá bhfuil an rialaitheoir sonraí más mian leis/léi gearán a thaisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Is féidir le daoine aonair an rialaitheoir sonraí a chuardach ar líne nó teagmháil a dhéanamh le comhlacht rialaithe an rialaitheora sonraí, má tá an rialaitheoir sonraí ina b(h)all de chomhlacht den sórt sin. Ní bheidh an Coimisiún in ann déileáil le gearán mura bhfuil aon rialaitheoir in-sainaitheanta sonraí ann.
Chuaigh an rialaitheoir sonraí faoi leachtú. Conas is féidir liom mo shonraí a rochtain anois?
Má chuaigh an eagraíocht faoi leachtú, beidh ar dhaoine aonair a fháil amach cé a chinneann na modhanna a úsáidtear chun a sonraí a phróiseáil, agus críocha na próiseála sin, anois. I bhformhór na gcásanna, is gníomhairí de chuid na cuideachta iad leachtaitheoirí. Má ghlacann an leachtaitheoir freagracht as na modhanna a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil, agus as críocha na próiseála sin, a chinneadh, is féidir go n-éireoidh an leachtaitheoir ina rialaitheoir sonraí ansin. Is iad na fíorais agus na himthosca na nithe a shainaithníonn an rialaitheoir sonraí, seachas an teideal atá air.
Chuaigh an rialaitheoir sonraí faoi ghlacadóireacht. Conas is féidir liom mo shonraí a rochtain anois?
Más rud é go gcuirfear de chúram ar ghlacadóir sócmhainní na cuideachta, amhail ríomhairí ina bhfuil sonraí pearsanta, a dhiúscairt nó go gceapfaidh an Ard-Chúirt glacadóir, tarlóidh sé, faoin dá thacar imthosca sin, go mbeidh an glacadóir freagrach as na sonraí a stóráiltear sa chuideachta agus go measfar gurb é/í an rialaitheoir sonraí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn dar teideal Ceisteanna Cosanta Sonraí a Bhaineann le Glacadóireacht.