Ceisteanna Cosanta Sonraí a Bhaineann le Glacadóireacht

Nuair a dhéanann duine comhaontú morgáiste le hinstitiúid airgeadais chun réadmhaoin a cheannach, maidir leis an dá pháirtí bíonn cearta acu agus oibleagáidí orthu a leagtar amach sa ghníomhas morgáiste. Leis seo, cruthaítear caidreamh dleathach idir an duine a cheannaigh an réadmhaoin (an t-iasachtaí) agus an institiúid airgeadais.

Príomhoibleagáid de chuid an iasachtaí a bhíonn sa ghníomhas morgáiste an morgáiste a aisíoc ar aon dul leis na téarmaí a comhaontaíodh. Nuair a theipeann ar an iasachtaí an morgáiste a aisíoc tráth a dhlite, tá de chumhacht ag an institiúid airgeadais glacadóir a cheapadh don réadmhaoin trí eisiúint 'Gnóthas Ceapachán Glacadóra'.

Ar cheapadh an ghlacadóra, beidh ainm an iasachtaí, seoladh na réadmhaoine atá faoi ghlacadóireacht ag an nglacadóir agus is sonraí pearsanta iad araon. Tá bunús dlí ag an institiúid airgeadais chun na sonraí pearsanta seo a thabhairt don ghlacadóir, óir is gá na sonraí pearsanta seo chun conradh a fheidhmiú ar páirtí é an t-iasachtaí ina leith. Ansin, próiseálfaidh an glacadóir na sonraí pearsanta seo le linn reáchtáil agus bainistíocht na glacadóireachta.

Sa treoir seo leagtar amach seasamh ginearálta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le ceisteanna cosanta sonraí a d'fhéadfadh teacht aníos le linn na glacadóireachta.

Ceisteanna Cosanta Sonraí a Bhaineann le Glacadóireacht