Sonraí Custaiméirí a Phróiseáil do Rianú Teagmhálaithe COVID-19

14th Mí Meán Fomhair 2020

De réir mar a bheidh srianta COVID-19 á maolú, ceann de na bearta molta is ea go dtógfadh gnóthaí ar leith sonraí teagmhála ó chustaiméirí agus iad a choinneáil ar feadh mí amháin sa chás is go bhfaigheann duine tinn agus go mbeadh rianú teagmhálaithe de dhíth ó na húdaráis sláinte.

Cuideoidh an treoir seo leat taifid de chustaiméirí a thug cuairt ar do ghnó a choinneáil chomh maith lena gcuid sonraí pearsanta a choinneáil slán ag an am céanna. Cuideoidh sí leat chomh maith do bhealach a dhéanamh trí do chuid oibleagáidí cosanta sonraí chun cearta príobháideachais do chuid cliant agus do chuid cuairteoirí a chosaint agus cloí le comhairle rialtais atá leagtha amach chun muid go léir a choinneáil slán.

  • Ná bailigh ach méid sonraí is lú a theastaíonn– Ná bailigh ach na sonraí a bheidh ort a thabhairt le haghaidh rianú teagmhálaithe nó chun críocha comhlíonta, e.g. ainm, uimhir theagmhála, an t-am agus dáta a raibh an custaiméir ar an láthair. Maidir le háitribh cheadúnaithe, ní mór taifid de bhéilí a díoladh le custaiméirí a thaifeadadh chun críocha comhlíonta. Tabhair ar aird nach n-éilítear ort faoin bpróiseas seo a iarraidh ar dhaoine a gcéannacht a dhearbhú agus níor chóir sin a iarraidh ar chustaiméirí.
  • Bí trédhearcach le do chuid custaiméirí faoin údar a bhfuil na sonraí seo á mbailiú agat–Ba chóir go mbeadh tú féin agus d'fhoireann ábalta an chúis go bhfuiltear ag bailiú sonraí pearsanta a mhíniú go soiléir. Má tá córas áirithintí ar líne in úsáid, d'fhéadfaí eolas a chur ar fáil ag an bpointe sin lena chur in iúl do chustaiméirí go bhfuil a gcuid sonraí le coinneáil ar mhaithe le rianú teagmhálaithe.
  • Stóráil an t-eolas seo go cúramach- Ní gá duit úsáid a bhaint as teicneolaíocht chun an t-eolas seo a stóráil ach má shocraíonn tú é a choinneáil go leictreonach, cinntigh go bhfuil an córas a úsáideann tú slán agus scrios an t-eolas go rialta nuair nach bhfuil sé ag teastáil níos mó. Níor chóir sonraí rianaithe teagmhálaithe a choinneáil ar bhealach go bhfuil custaiméirí eile ábalta iad a fheiceáil agus ní mór duit a chinntiú go gcoinnítear an t-eolas sin slán agus faoi rún.
  • Ná húsáid na sonraí seo ach ar mhaithe leis an údar a bailíodh iad- Ná húsáid na sonraí seo, go háirithe, chun críocha margaíocht dhíreach ná chun teagmháil a dhéanamh ar chúis ar bith le custaiméirí. Ná nocht na sonraí sin d'aon tríú páirtithe seachas na húdaráis sláinte poiblí a iarrfaidh iad chun críocha rianú teagmhálaithe más gá.
  • Cinntigh go scriosann tú sonraí teagmhála nuair nach bhfuil gá duit iad a choinneáil níos faide le haghaidh rianú teagmhálaithe nó chun críocha comhlíonta - Mí amháin atá i gceist faoi láthair leis an tréimhse choinneála faoi na riachtanais reatha sláinte poiblí. Leag amach sceideal chun sonraí a scriosadh nó a dhíothú agus cinntigh go bhfaightear réidh leis na sonraí ar bhealach sábháilte, go ndéantar sonraí ar bith atá coinnithe ar pháipéar a stialladh más mar sin atá siad stóráilte agat. Ná dearmad ábhar a scriosadh as do recycle bin agus scrios aon chomhaid atá stóráilte ar néal-chúltaca sonraí má tá sonraí á stóráil go leictreonach agat.

PDF: Sonraí Custaiméirí a Phróiseáil do Rianú Teagmhálaithe COVID-19