Covid-19 agus Iarrataí Rochtana Ábhair Sonraí

25th Mí Márta 2020

An bhfuil feidhm fós leis na hamlínte a bhaineann le freagra a thabhairt ar iarrataí GDPR ó ábhar sonraí sa chás go bhfuil eagraíocht dúnta go sealadach nó go bhfuil srian uirthi iarrataí a láimhseáil mar gheall ar COVID-19?

Tuigeann an Coimisiún Cosanta Sonraí an tionchar mór atá ag géarchéim sláinte Covid-19 agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin arís ar ais ar chumas eagraíochtaí gníomhú ar iarrataí GDPR ó dhaoine aonair, iarrataí rochtana mar shampla. Cé go bhfuil na hamlínte chun iarrataí ó dhaoine aonair a fhreagairt leagtha amach sa dlí sa GDPR agus nach féidir sin a leasú, tuigimid go bhféadfadh moill a bheith i gceist mar thoradh ar an tionchar atá ag COVID-19 agus nach bhfuil aon dul as sin.

Maidir le daoine aonair

Ba chóir do dhaoine sa phobal a thuiscint go mb’fhéidir go gcaithfeadh eagraíochtaí seirbhísí criticiúla agus líne tosaigh mar soláthróirí cúraim sláinte, ranna rialtais, go háirithe an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, na Coimisinéirí Ioncaim agus údaráis áitiúla acmhainní a chur i dtreo réimsí tosaíochta oibre agus go mbeadh tionchair dá réir ar réimsí eile mar iarrataí rochtana a láimhseáil. D’fhéadfadh comhlachtaí oideachais mar scoileanna agus ollscoileanna agus eagraíochtaí san earnáil phríobháideach a bheith dúnta nó a n-acmhainn a bheith laghdaithe agus mar sin go bhféadfadh moill mhór a bheith ar iarrataí a fhreagairt.  Iarraimid ort sin a ghlacadh san áireamh sa chás go mbeadh moill intuigthe den chineál sin i gceist agus tú ag plé leis na heagraíochtaí sin nó sula smaoineoidh tú gearán a dhéanamh leis an DPC. Iarraimid ort freisin a bheith chomh sonrach agus is féidir maidir leis na sonraí pearsanta ar mian leat rochtain a fháil orthu.   Nuair a dhéantar gearán leis an DPC, glactar san áireamh go hiomlán fíricí gach cáis lena n-áirítear aon imthosca maolaitheacha a bhainfeadh go sonrach leis an eagraíocht.

Maidir le heagraíochtaí

Tuigimid go bhfuil go leor eagraíochtaí, go háirithe eagraíochtaí seirbhísí criticiúla agus líne tosaigh mar cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta a chaithfidh a gcuid acmhainní a chur i dtreo réimsí oibre tosaíochta agus a mbeidh tionchar dá bharr sin ar réimsí mar iarrataí rochtana a láimhseáil. Tuigimid go rímhaith na dúshláin, nach raibh a leithéid ann cheana riamh, atá le sárú ag eagraíochtaí agus an gá atá le cur chuige rialála cóir mar fhreagra ar na cúinsí ar leith seo.    

Ba chóir d’eagraíocht a bhfuil deacracht aici freagra a thabhairt ar iarrataí teagmháil a dhéanamh, nuair is féidir, leis an duine aonair lena mbaineann maidir le láimhseáil a n-iarrata, lena n-áirítear aon síneadh ar an tréimhse chun freagra a thabhairt chomh maith leis na cúiseanna go bhfuil moill ar fhreagra a thabhairt. Foráiltear faoin GDPR do shíneadh dhá mhí chun freagra a thabhairt ar iarraidh nuair is gá sin, ina nglactar san áireamh castacht agus líon na n-iarrataí.

Ba chóir d’eagraíochtaí a bhfuil deacrachtaí acu gníomhú ar iarrataí smaoineamh ar féidir freagairt d’iarrataí ar bhonn céimiúil. D’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí ag eagraíocht a bhfuil a foireann i mbun cianoibre, mar shampla, teacht ar thaifid chruachóipe. Sa chás sin, b’fhéidir go bhféadfaí taifid leictreonacha a chur ar fáil don iarrthóir agus na cóipeanna crua a chur ar fáil níos faide anonn. Ba chóir d’eagraíochtaí nithe a chur in iúl go soiléir do na daoine atá i gceist.  D’fhéadfadh go mbeadh eagraíochtaí ag iarraidh dul i dteagmháil le daoine aonair chun a chinntiú go bhfuil an iarraidh chomh sonrach is féidir maidir leis na sonraí pearsanta atá á n-éileamh.   

Nuair nach mbeidh ar chumas eagraíochta, mar gheall ar an tionchar atá ag COVID-19, freagra iomlán nó i bpáirt a thabhairt ar iarraidh laistigh de na tréimhsí reachtúla, tá fós oibleagáid uirthi sin a dhéanamh agus ba chóir di a chinntiú go ngníomhaítear ar iarraidh a luaithe agus is féidir. Chun críocha cuntasachta agus trédhearcachta, ba chóir don eagraíocht cuntas a choinneáil ar na cúiseanna nár cloíodh leis na hamlínte agus sin a chur in iúl go soiléir do na daoine aonair a bhfuil tionchar aige orthu.

Cé nach féidir na hoibleagáidí reachtúla a tharscaoileadh, sa chás go ndéanfaí gearán leis an DPC glacfar san áireamh fíricí gach cáis lena n-áirítear imthosca maolaitheacha a bhainfeadh go sonrach leis an eagraíocht.