Cosaint Sonraí Pearsanta agus tú ag Obair ó Chian

12th Mí Márta 2020

Cosaint Sonraí Pearsanta agus tú ag Obair ó Chian

Leis na bearta atá á dhéanamh chun scaipeadh COVID-19 a chosc agus a choinneáil faoi smacht, beidh níos mó daoine ná is gnách ag obair ó chian. Thíos tá roinnt leideanna chun sonraí pearsanta a choinneáil slán agus tú ag obair amuigh ón oifig. Chun tuilleadh faisnéis a fháil is féidir féachaint ar ár dtreoir ar shlándáil sonraí.

Gairis

  • Bí an-chúramach gan gairis ar nós USBanna, fóin, ríomhairí glúine nó taibléid a chailleadh nó a fhágáil áit éigin.
  • Bí cinnte go bhfuil na nuashonruithe riachtanacha ar aon gaireas, mar shampla, nuashonruithe córais oibriúcháin (cosúil le iOS nó Android) agus nuashonruithe bogearraí/frithvíreas.
  • Bí cinnte go n-úsáidfear do ríomhaire, ríomhaire glúine, nó gaireas, in áit slán, mar shampla, áit ina bhféadann tú súil a choimeád air agus nach bhféadfadh go leor daoine eile an scáileán a fheiceáil, go háirithe má tá tú ag obair le sonraí pearsanta íogaire.
  • Cuir do ghaireas faoi ghlas má tá ort é a fhágáil gan faire ar chúis ar bith.
  • Bí cinnte go bhfuil do ghairis castas, curtha faoi ghlas, nó stóráilte go cúramach nuair nach bhfuil siad in úsáid.
  • Bain úsáid as rialuithe éifechtacha rochtana (ar nós fíordheimhniú ilfhachtóra agus pasfhocail láidre) agus, más féidir, criptiú chun srian a chur le rochtain ar an ngaireas, agus chun an riosca a laghdú i gcás go ndéanfar gaireas a chailleadh nó a fhágáil áit éigin.
  • Nuair a chaillfear nó nuair a ghoidfear gaireas, ba cheart duit bearta dhéanamh láithreach chun an chuimhne a ghlanadh ó chian, más féidir.

Ríomhphoist

  • Lean aon polasaithe infheidhme laistigh de d’eagraíocht maidir le húsáid ríomhphost.
  • Bain úsáid as cuntais ríomhphoist oibre in ionad cuntais pearsanta le haghaidh ríomhphoist oibre lena bhfuil sonraí pearsanta i gceist. Má tá ort ríomhphost pearsanta a úsáid bí cinnte go bhfuil ábhair agus ceangaltáin criptithe agus fág amach ó úsáid sonraí pearsanta nó rúnda i línte ábhair.
  • Sular sheolann tú ríomhphost, bí cinnte go bhfuil sé á sheoladh agat chuig an bhfaighteoir ceart, go háirithe le ríomhphoist ina bhfuil go leor sonraí pearsanta nó sonraí pearsanta íogaire.

Rochtain Néil agus Líonra

  • Más féidir bain úsáid as na líonraí nó néalseirbhísí amháin a bhfuil muinín ag d’eagraíocht iontu, agus cloígh le rialacha agus gnásanna eagraíochtúla maidir le rochtain néil nó líonra, logáil isteach, agus comhroinnt sonraí.
  • Má tá tú ag obair gan rochtain néil nó líonra, bí cinnte go ndéanfar cóip chúltaca i mbealach sábháilte d’aon sonraí a stóráiltear go háitiúil.

Taifid Páipéir

  • Tá sé tábhachtach cuimhneamh nach mbaineann cosaint sonraí le sonraí a stóráiltear nó a phróiseáltar go leictreonach amháin, ach le sonraí pearsanta i bhformáid láimhe (ar nós taifid páipéir) má tá siad, nó má tá sé beartaithe go mbeidh siad, mar chuid de chóras comhdúcháin.

  • Nuair atá tú ag obair ó chian le taifid páipéir, déan bearta chun slándáil agus rúndacht na dtaifead seo a chinntiú, mar shampla, trí na taifid a choinneáil faoi ghlas i gcaibinéad comhad nó tarraiceán nuair nach bhfuil siad in úsáid, fáil réidh leo go sábháilte (mar shampla, trí stialladh) nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh, agus cinntiú nach bhfágfar iad áit is féidir iad a chailleadh nó a ghoideadh.

  • Má tá tú ag déileáil le taifid a bhfuil catagóirí speisialta sonraí pearsanta iontu (m.sh. sonraí sláinte) ba cheart duit bheith an-chúramach a slándáil agus a rúndacht a chinntiú, agus ná bain na taifid seo ó shuíomh sábháilte ach amháin nuair atá sé go hiomlan riachtanach chun do chuid obair a dhéanamh.

  • Más féidir, ba cheart duit taifead scríofa a choimeád ar na dtaifead agus na comhaid a thóg tú abhaile, chun cleachtais mhaithe a chaomhnú maidir le rochtain sonraí agus rialachas.