Ceisteanna Coitianta faoi Ghlaonna Margaíochta agus Clár Díliostála Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta (an NDD)

Cad é an NDD?

Seo Bunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta. Cuimsítear ann sonraí faoi shíntiúsóirí ar féidir iad a fhoilsiú agus/nó a chur ar fáil trí fhiosrúcháin eolaire.

Cad é Clár Díliostála an NDD?

Cuirtear i dtaifead ann seo cé a thug le fios gur fearr leo nach gcuirtear glaonna margaíochta orthu.

Conas is féidir liom mo rogha a chur i dtaifead ar Chlár Díliostála an NDD?

Más síntiúsóir nua thú, iarrfaidh do sholáthraí gutháin ort do rogha margaíochta a thabhairt. Más síntiúsóir reatha thú, beidh fógra tugtha ag do sholáthraí líne duit ar na nósanna imeachta atá le leanúint. De ghnáth, cuirfidh tú do rogha in iúl ar an nguthán do sholáthraí do líne, agus b’fhéidir go gcuirfidh tú do rogha in iúl i scríbhinn ina dhiaidh sin. Cuirfidh soláthraí do líne ghutháin na sonraí ábhartha ar fáil, ina dhiaidh sin, don NDD.

Más iarshíntiúsóir thú, cuirfear d’uimhir ghutháin san áireamh go huathoibríoch i gclár díliostála an NDD.

An féidir liom teagmháil a dhéanamh leis an NDD mé féin?

Ní féidir, níl an NDD in ann treoracha a ghlacadh ó shíntiúsóirí aonair, ní féidir leo glacadh le treoracha ach ó sholáthraithe líne.

Cé ar cheart dom teagmháil a dhéanamh leo?

Chun go gcuirfear d’uimhir ghutháin san áireamh i gclár díliostála an NDD, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí líne ghutháin.  Tá an fhreagracht ar gach soláthraí líne chun do rogha a chur i gcuntas ar an NDD. Má theipeann ar sholáthraí líne do rogha a chur i dtaifead, féadtar gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) atá freagrach as an ngné seo. 

Cad é an difríocht idir soláthraí líne agus cuideachta nó soláthraí seirbhíse gutháin?

Cé go bhféadfadh go mbeifeá ag déileáil leis an gcuideachta nó an soláthraí seirbhíse gutháin a chreideann tú a sholáthraíonn an tseirbhís, tacaíocht agus bonneagar ábhartha go léir do do ghuthán, d’fhéadfadh go bhfuil an tseirbhís á soláthar ag cuideachta amháin, fad a sholáthraíonn soláthraí eile an líne a iompraíonn do chuid cumarsáide. Soláthraíonn an soláthraí líne an fhaisnéis don NDD.

Cé mhéid a chosnaíonn sé?

Seirbhís saor in aisce í seo.

An gá dom a bheith liostaithe gach bliain?

Ní gá, a luaithe a bhíonn tú sásta le do rogha, fanfaidh sé amhlaidh mura n-eisíonn tú treoir nua.

Má athraím cuideachta ghutháin, an gá dom mo rogha a chur in iúl arís?

Ní gá, cuirtear an rogha i dtaifead ar an líne. Ní athraítear do rogha nuair a athraítear cuideachta. Ní bheidh ort rogha margaíochta a chur in iúl arís ach nuair a iarrann tú ar líne nua (nó breise).

An mbaineann seo le mo ghuthán baile amháin nó an féidir liom liostú a fháil do mo ghuthán gnó?

Liostaítear uimhreacha cónaithe agus gnó araon san NDD agus féadtar rogha margaíochta a chur in iúl don dá shaghas uimhreacha.

An bhfuil aon saoráid ar fáil chun uimhreacha guthán póca a dhíliostáil ó mhargaíocht dhíreach?

Tá cinneadh déanta ag oibritheoirí líonra móibíleach (Vodafone, O2, Meteor, 3) go ndéanfaidh siad a gcuid custaiméirí a díliostáil go huathoibríoch. Ní díliostáil NDD atá i gceist leis seo, áfach

Faoi I.R. 336 de 2011, cuirtear cosc ar ghlaonna margaíochta a chur ar ghutháin phóca seachas sna cásanna seo a leanas: (i) chuir an síntiúsóir nó an t-úsáideoir an glaoiteoir ar an eolas go dtoilíonn sé nó sí go gcuirtear na glaonna siúd ar a g(h)uthán póca, nó (ii) thug an síntiúsóir nó an t-úsáideoir toiliú go ginearálta go gcuirtear glaonna margaíochta air/uirthi agus go bhfuil an toiliú sin go gcuirtear glaonna margaíochta air/uirthi curtha i gcuntas san NDD maidir lena (h)uimhir ghuthán póca.

An gcuirfidh liostáil stop le gach glao?

Ní chuirfidh, níor cheart dó ach stop a chur le glaonna margaíochta gan iarraidh a chuirtear ó thaobh istigh de Phoblacht na hÉireann. Ní bheidh glaonna neamh-mhargaíochta (saghsanna áirithe de thaighde margaidh ina measc) faoi réir na rialachán seo.

Conas is eol dom cén rogha a cuireadh i dtaifead?

Bíonn an ceart ag aon síntiúsóir iarraidh ar a s(h)oláthraí seirbhíse ar chóip dá liostáil san NDD. Tá an ceart ag an soláthraí seirbhíse chun táille a ghearradh ar an tseirbhís seo.

Cad atá i gceist le cumarsáid gan iarraidh?

Is éard is cumarsáid gan iarraidh, go bunúsach, cumarsáid nach lorgaítear nó nach n-iarrtar. Má bhíonn caidreamh leanúnach agat, nó má bhí caidreamh agat le déanaí, le cuideachta nó gnólacht, d’fhéadfadh nach measfaí go mbeadh teagmháil ón gcuideachta nó gnólacht sin gan iarraidh, mar gheall go bhféadfadh toiliú intuigthe a bheith i bhfeidhm. Anuas air sin, sa chás gur thug tú sonraí teagmhála go deonach fad a bhí suirbhéanna ar stíl mhaireachtála nó promóisin a iontráil, b’fhéidir go mbaineann toiliú leis na sonraí siúd i dtaobh na húsáide a bhaintear astu agus b’fhéidir nach measfaí gurb ionann teagmháil agus teagmháil gan iarraidh ag brath ar na cúinsí.

An gcuirfidh daoine a ndéanaim gnó leo glaonna margaíochta orm go fóill?

Mura gcuireann tú in iúl do na daoine seo nach mian leat margaíocht a fháil uathu, féadfaidh siad brath ar thoiliú ag eascairt as caidreamh reatha chun margaíocht a dhéanamh leat gan aird ar cén rogha a cuireadh i gcuntas san NDD.

Má athraím m’intinn níos déanaí, an féidir liom mo rogha san NDD a athrú?

Is féidir, tá ort rogha amháin a choimeád i gcaitheamh shaolré do liostála san NDD. Má athraíonn tú do liostáil go minic, áfach, is dóchúil go gcruthóidh sé mearbhall agus go ndéanfaidh sé gníomh forfheidhmithe ag an DPC nó ComReg níos deacra, nó fiú dodhéanta.