Admhálacha Leictreonacha

Rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí sraith iniúchtaí roimhe seo chun measúnú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann eagraíochtaí sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil le linn dóibh admhálacha leictreonacha (‘r-admhálacha’) a thabhairt do chustaiméirí. I roinnt cásanna, tharla sé gur chun ábhar margaíochta a eisiúint ansin a bhain miondíoltóirí úsáid as seoltaí ríomhphoist a bailíodh chun r-admhálacha a eisiúint. Ag teacht sna sála ar na hiniúchtaí sin, chuir an Coimisiún treoir le chéile maidir le r-admhálacha a úsáid. Is é an aidhm atá leis an treoir cabhrú le miondíoltóirí cloí leis an dea-chleachtas sa réimse seo.

Bíonn an cleachtas trína n-eisítear r-admhálacha chuig custaiméirí ag éirí níos coitianta in Éirinn. Bíonn líon méadaitheach miondíoltóirí ag tabhairt rogha do chustaiméirí ag an bpointe ceannaigh r-admháil a fháil.  Sula bhféadfaidh sé/sí r-admháil a fháil, áfach, ní mór don chustaiméir seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt don mhiondíoltóir. Ba cheart a chur in iúl do chustaiméirí ag an bpointe ceannaigh go bhfuil a seoladh ríomhphoist á iarraidh ionas gur féidir r-admháil a sheoladh chucu. Ba cheart a chur in iúl go soiléir dóibh freisin nach bhfuil aon oibleagáid orthu a seoladh ríomhphoist a thabhairt.

Ar leithligh uaidh sin, i gcás gur bailíodh seoladh ríomhphoist chun r-admháil a sheoladh agus go bhfuil an miondíoltóir ag iarraidh ríomhphoist mhargaíochta a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist sin freisin, tá an Coimisiún ag rá le miondíoltóirí nár cheart don chustaiméir aon ríomhphoist mhargaíochta a fháil ansin ach amháin i gcás gur thug an miondíoltóir fógra don chustaiméir faoi sin agus gur thug sé deis don chustaiméir diúltú do ríomhphoist mhargaíochta a fháil. Ní mór d’aon mhiondíoltóirí atá ag iarraidh ríomhphoist mhargaíochta a sheoladh ar an mbealach sin cloí leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán 13(11) de na Rialacháin maidir le Cumarsáid agus Príobháideachas Leictreonach (I.R. Uimh. 336/2011).

Cé go dteastaíonn óna lán cineálacha margaíochta dírí an toiliú dearfach ón gcustaiméir (i.e. glacadh go sonrach le teachtaireachtaí a fháil) faoi Rialachán 13 de na Rialacháin maidir le Cumarsáid agus Príobháideachas Leictreonach, is féidir go mbeidh miondíoltóirí agus soláthraithe seirbhíse in ann dul i muinín Rialachán 13(11) de na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach i gcásanna áirithe. Foráiltear leis an Rialachán sin do mhargaíocht dhíreach i dtaca le táirge nó seirbhís a dhíol, i gcás go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, agus ní cheanglaítear leis go sonrach go bhfaighfí toiliú dearfach. Is iad seo na coinníollacha nach mór do mhiondíoltóirí a chomhlíonadh chun leas a bhaint as Rialachán 13(11):

  1. Tá an táirge nó an tseirbhís atá á mhargú nó á margú ina tháirge nó ina seirbhís de do chuid féin;
  2. Tá an táirge nó an tseirbhís atá á mhargú nó á margú agat de chineál atá cosúil leis an táirge nó an tseirbhís a dhíol tú leis an gcustaiméir ag an am a fuair tú a s(h)onraí teagmhála;
  3. Ag an am a bhailigh tú na sonraí, thug tú an deis don chustaiméir agóid a dhéanamh go réidh agus saor in aisce i gcoinne úsáid na sonraí chun críocha margaíochta;
  4. Gach uair a sheolann tú teachtaireacht margaíochta, tugann tú an ceart don chustaiméir chun agóid a dhéanamh i gcoinne teachtaireachtaí amach anseo a fháil; agus
  5. Tharla díol an táirge nó na seirbhíse tráth nach mó ná dhá mhí dhéag sular seoladh an chumarsáid margaíochta leictreonaí nó, i gcás inarb infheidhme, úsáideadh na sonraí teagmhála le haghaidh cumarsáid margaíochta leictreonaí a sheoladh sa tréimhse dhá mhí dhéag sin.*

Dá bhrí sin, ba cheart modh ‘scar-rogha’ ó ábhar margaíochta a fháil a thabhairt do chustaiméirí ag an am a bhailítear a seoladh ríomhphoist. Is féidir é sin a dhéanamh trí thicbhosca ‘scar-rogha’ a thaispeáint in áit fheiceálach in aice an réimse le haghaidh sheoladh ríomhphoist an chustaiméara. Chomh maith leis sin, ba cheart deis éasca a thabhairt don chustaiméir, gach uair a dhéantar teagmháil leis/léi chun críocha margaíochta, diúltú do chumarsáidí breise margaíochta a fháil.

Mar réiteach dea-chleachtais, molann an Coimisiún go dtaispeánfaí dhá thicbhosca bhána sa chóras leictreonach díolphointe, áit a gcuirfear tic leis an gcéad bhosca i gcás go mbeidh custaiméir ag iarraidh r-admháil a fháil agus a gcuirfear tic leis an dara bosca i gcás go gcomhaontóidh an custaiméir le hábhar margaíochta a fháil trí ríomhphost. Tabharfaidh cur chuige den sórt sin soiléire agus smacht don chustaiméir ar an dóigh a n-úsáidtear a s(h)onraí teagmhála. Taifeadfar mian dhearfach an chustaiméara ar an mbealach sin freisin.

Ba cheart modh a bheith i bhfeidhm ag miondíoltóirí chun a thaifeadadh go leictreonach cé acu a tugadh nó nár tugadh don chustaiméir an fhaisnéis agus na deiseanna ar fad a bhí riachtanach chun diúltú d’ábhar margaíochta dírí a fháil. In imthosca ina bhfuil an Coimisiún ag déanamh imscrúdú ar shárú líomhnaithe ar na rialacha maidir le margaíocht leictreonach, is faoi na miondíoltóirí atá sé a thaispeáint gur chomhlíon siad a gcuid oibleagáidí sular sheol siad teachtaireacht margaíochta.

Ba cheart do mhiondíoltóirí aird a bheith acu ar a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus ar na rialacha sonracha maidir le margaíocht dhíreach a leagtar amach sna Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach.

*TABHAIR FAOI DEARA: I gcás go dteipfidh ar chustaiméir díliostáil ach úsáid a bhaint as na modhanna saora a thug an margóir díreach dó/di, is féidir go measfar gur roghnaigh an custaiméir ríomhphost den sórt sin a fháil ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a eisíodh an ríomhphost margaíochta is déanaí chuige/chuici.

 

Imeachtaí achoimre:

Féadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí imeachtaí achoimre i leith cion faoi na Rialacháin maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh. Aon duine a dhéanann cion faoi na Rialacháin, dlífear, ar é/í a chiontú go hachomair, fíneáil uasta €5,000 a chur air/uirthi i leith gach ríomhphoist mhargaíochta gan iarraidh.

Aon duine a dhéanann cion faoi na Rialacháin, dlífear, ar é/í a chiontú ar díotáil, i gcás duine nádúrtha, fíneáil nach mó ná €50,000 a chur air/uirthi.   Aon duine a dhéanann cion faoi na Rialacháin, dlífear, ar é/í a chiontú ar díotáil, i gcás comhlacht corpraithe, fíneáil nach mó ná €250,000 a chur air/uirthi.

 

Trédhearcacht agus Cuntasacht:

Ceanglaítear leis an dlí cosanta sonraí ar mhiondíoltóirí sonraí a phróiseáil go trédhearcach agus bheith cuntasach do na custaiméirí a bpróiseálann siad a sonraí agus don Choimisiún um Chosaint Sonraí araon.

Is é an príomhbhealach inar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil go trédhearcach ná faisnéis faoin mbealach ina n-úsáidfear a sonraí a sholáthar go tráthúil do na custaiméirí a bpróiseáiltear a sonraí. I gcás go bhfaighfear seoladh ríomhphoist ó chustaiméir, ní mór an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sholáthar dó/di:

(a) Aitheantas agus sonraí teagmhála an mhiondíoltóra

(b) Sonraí teagmhála oifigeach cosanta sonraí an mhiondíoltóra sin, i gcás go bhfuil oifigeach aige

(c) Cuspóirí na próiseála ar chucu atá sé beartaithe an seoladh ríomhphoist a úsáid agus an bonn dlíthiúil don phróiseáil

(d) An tréimhse a stórálfar an seoladh ríomhphoist ar a feadh

(e) An ceart rochtana atá aige/aici ar a s(h)onraí pearsanta agus an ceart atá aige/aici go ndéanfaí na sonraí sin a cheartú agus a léirscriosadh