Foilsíonn an DPC tuarascáil staitistiúil ar láimhseáil gearán trasteorann faoi Ionad Ilfhreastail (OSS) an GDPR

15th Mí Márta 2022

Inniu d’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tuarascáil staitistiúil ar láimhseáil gearán trasteorann an DPC faoi mheicníocht Ionaid Ilfhreastail (OSS) an GDPR.

Ó mí na Bealtaine 2018, tá líon suntasach de ghearáin trasteorann faighte agus tugtha chun críche ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí mar phríomhúdarás maoirseachta an AE/LEE don líon mór comhlachtaí teicneolaíochta agus ardáin idirlín le ceanncheathrú AE in Éirinn.

Bhí trácht go poiblí le déanaí ar láimhseáil gearán trasteorann an DPC, bunaithe is mó ar fhaisnéis atá neamhiomlán agus nach raibh aon chomhthéacs léi.  Ar mhaithe le freagracht, trédhearcacht agus díospóireacht eolach, tugann an tuarascáil foilsithe seo achoimre bunaithe ar fhíricí ar phróisis láimhseála gearáin an DPC agus na staitisticí a bhaineann leis, lena n-áirítear, an méid gearán a fhaightear, an méid a tugtar chun críche, agus na torthaí a bhaintear amach.

Maidir le tromlach na ngearán trasteorann a fhaigheann sé, tá an DPC freagrach as déileáil leo mar an príomhúdarás maoirseachta AE/LEE do na heagraíochtaí atá i gceist.  Faigheann an DPC líon beag gearán chomh maith ó dhaoine aonair faoin eagraíochtaí nuair is údarás cosanta sonraí AE/LEE eile an príomhúdarás.  Sna cásanna sin, aistríonn an DPC na gearáin chuig an údarás cuí tríd an meicníocht OSS. 

Léirítear sa tuarascáil maidir leis an tréimhse 25 Bealtaine 2018 go 31 Nollaig 2021:

  • go bhfuair an DPC 1,150 gearán bailí trasteorann; 969 (84%) agus é ina phríomhúdarás maoirseachta (LSA) agus 181 (16% ina údarás maoirseachta bainteach (CSA).
  • 588 (61%) de na gearáin trasteorann a láimhseáil an DPC mar gur deineadh an LSA a thaisceadh ar dtús le húdarás maoirseachta eile a chur ar aghaidh ansin chuig an DPC é.
  • Tá 65% de na gearáin trasteorann arna láimhseáil ag an DPC ina LSA ó Bhealtaine 2018 tugtha chun críche, sin 82% de na gearáin a fuarthas in 2018 agus 75% de na gearáin a fuarthas in 2019 tugtha chun críche anois.
  • As na 634 gearán trasteorann a tugadh chun críche a láimhseáil an DPC iad ina LSA, rinneadh 544 (86%) acu a réiteach trí réiteach cairdiúil ar mhaithe leis an ngearánach.
  • Tá 72 (22%) de na gearáin trasteorann ceangailte le himscrúdúchán agus déanfar iad sin a thabhairt chun críche nuair a bheidh an t-imscrúdúchán thart.  Tá líon mór de na gearáin oscailte atá fanta ó 2018 agus 2019 ceangailte le himscrúdúchán.
  • Baineann 86% de gach gearán trasteorann a láimhseáil an DPC ina LSA le díreach 10 rialaitheoir sonraí.
  • Tá 38% de na gearáin a chuir an DPC ar aghaidh chuig LSAnna eile AE/LEE (gan an Ríocht Aontaithe san áireamh) tugtha chun críche.

 

Tuarascáil staitistiúil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le láimhseáil gearán trasteorann an Ionaid Ilfhreastail (OSS).