Cuireann an DPC fáilte roimh réiteach imeachtaí maidir leis an gCárta Seirbhísí Phoiblí

10th Mí na Nollag 2021

Réitíodh imeachtaí dlí ina ndearna an Roinn Coimirce Sóisialaí achomharc in aghaidh Fógra Forfheidhmiúcháin a d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) maidir leis an bpróiseáil a dhéanann an Roinn agus í ag éisiúint Cártaí Seirbhísí Phoiblí (PSC).

Cuireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fáilte roimh réiteach na n-imeachtaí.

Go háirithe, fáiltíonn sé go bhfuil feabhas suntasach tagtha anois ar na leibhéil faisnéise atá á chur ar fáil do shaoránaigh chun míniú a thabhairt ar (i measc nithe eile) cén sonraí pearsanta a phróiseáiltear nuair a dhéanann duine aonair iarratas ar PSC, conas a phróiseáiltear iad, agus cén fáth, le tuilleadh feabhsuithe le teacht ar bhonn rannpháirtíochta bhreise idir na páirtithe.

Cuireann an DPC fáilte chomh maith roimh admháil na Ranna gur, in éagmais reachtaíochta a dhéanann foráil ar leith dó, ní féidir le haon comhlacht eile san earnáil phoiblí iallach a chur ar dhuine aonair PSC a fháil mar réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar sheirbhísí phoiblí. Ina leith sin, caithfear rogha amháin eile ar a laghad a chur ar fáil in aon cás ina bhfuil ar dhuine aonair a (h)aitheantas a dheimhniú roimh rochtain a fháil ar sheirbhísí phoiblí.

Tá coigeartuithe suntasacha eile le déanamh chomh maith le cur chuige na Ranna ar choinneáil faisnéise phearsanta de chuid iarrthóirí. Aithnítear gur le córas atá bunaithe ar choinneáil iomlán agus éiginnte na faisnéise go léir a fhaightear i gcáipéisí a cuireadh isteach chun tacú le hiarratas ar PSC, níl cothromaíocht chuí i gceist idir cheart an iarrthóra faoi dlí um chosaint sonraí, agus aon leas eile a bhfuil an Roinn ag iarraidh cosaint. Tá an DPC ag súil le dul i dteagmháil leis an Roinn maidir le forbairt agus feidhmiú a córais nua.

Tá an DPC ag súil chomh maith le chomhoibriú leanúnach na Ranna lena fhiosrúchán ar leith eile, atá fós ag dul ar aghaidh, ar an úsáid a bhain an Roinn as teimpléid aghaidhe bithmhéadracha i bhfeidhmiú a bogearraí maitseála aghaidhe, a úsáidtear chun críche an phróisis clárúcháin SAFE 2 nuair a dhéanann duine iarratas ar PSC.

Tuarascáil Cárta Seirbhísí Phoiblí (PSC)

Fógra Poiblí