Fáilte curtha ag Rialálaithe le Straitéis Náisiúnta Dhigiteach

01st Mí Feabhra 2022

Tá fáilte curtha ag Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI), ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí (CCPC), ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) agus ag an gCoimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) roimh an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach atá foilsithe ag an Taoiseach, Micheál Martin, agus an Tánaiste, Leo Varadkar, inniu.  Is ionann an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach agus mórathrú ar uaillmhian na hÉireann tairbhe a bhaint as na seansanna atá ann maidir le teicneolaíocht dhigiteach sa ghnáthshaol fad a gcuirtear cosaint ar fáil in aghaidh an dochair atá sa saol ar líne.

Tá rialáil ghairmiúil, éifeachtach agus chuí sa timpeallacht dhigiteach riachtanach chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta Dhigiteach a bhaint amach.  Tá rialáil sa timpeallacht dhigiteach níos tábhachtaí ná rialáil earnála thraidisiúnta. Is léir sin ón mbealach a mbíonn daoine ag siopadóireacht, ag déanamh cumarsáide, ag roinnt agus ag cruthú ábhar ar líne gach lá.  Tá sé tábhachtach go mbeadh comhlachtaí rialála ábalta comhoibriú agus comhordú go cuí. Trína chinntiú go bhfuil ár struchtúir rialála oiriúnach don fheidhm atá leo sa saol ar líne beidh tairbhí níos mó i gceist do thomhaltóirí, feidhmeoidh na margaí ar líne níos fearr, beidh cosaint níos fearr ann do thomhaltóirí agus do shaoránaigh ar líne, agus cuirfear le cáil idirnáisiúnta na hÉireann.

Tá fáilte ach go háirithe le tiomantas an Rialtais creat rialála nua-aimseartha, comhtháite agus a bhfuil acmhainní cearta ar fáil dó a bhaint amach sa Straitéis Náisiúnta Dhigiteach. Cuirfidh ceapadh beartaithe Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteach na hÉireann i R1 2022 scóip ar fáil chun an phleanáil agus an dearadh atá de dhíth a chur i bhfeidhm agus chun an tAcht um Sheirbhísí Digiteacha atá le foilsiú a chur i bhfeidhm agus ról tábhachtach na hÉireann faoin bprionsabal Tír Thionscnaimh a chomhlíonadh. Tá an BAI, CCPC, ComReg agus an DPC ag súil leis an rannpháirtíocht fhoirmiúil struchtúrtha a dhéanfar leis an nGrúpa Oifigí Sinsearacha um Shaincheisteanna Dhigiteacha a shamhlaítear leis an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach.  Tabharfaidh rannpháirtíocht níos mó taithí agus saineolas na rialaitheoirí le chéile chun soiléire, léirchruinneas agus comhoibriú a chinntiú maidir le rialúchán digiteach.

Is éard a dúirt Brian McHugh, Comhalta den CCPC:

“Tá buntáistí agus deiseanna i gceist le ról na hÉireann ina ceannaire domhanda i leith spás digiteach, ach tá ionchais agus freagrachtaí i gceist freisin. Inár rialaitheoirí tuigimid go bhfuil orainn dul in oiriúint agus athrú a dhéanamh i dtreo timpeallacht nua rialála digití. Ag glacadh go fonnmhar leis an dúshlán sin beimid ag obair leis an Rialtas chun an aidhm luaite a bhaint amach, is é sin go ndéanfaí lárionad rialála barr feabhais d’Éirinn don Eoraip ina mbeidh an bua ag infheistíochtaí tionscail agus ag tomhaltóirí Eorpacha araon.”

Is éard a dúirt Helen Dixon, An Coimisinéir um Chosaint Sonraí:

“Is iomaí gné dhearfach a bhaineann le cultúr nuálach earnáil na teicneolaíochta a bhféadfaimid foghlaim uathu. D’fhonn rialáil éifeachtach a chinntiú, ní mór do rialaitheoirí a chinntiú go bhfuilimid ábalta daoine a fhostú a bhfuil ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar an dúshlán agus a bhfuil an tsolúbthacht ag baint leo chun sin a dhéanamh. Cuirimid fáilte roimh thacaíocht an Rialtais chun a chinntiú go meallaimid agus go gcoinneoimid daoine cumasacha atá de dhíth i gcomhair an dúshláin seo.

Is éard a dúirt Celene Craig, Príomhfheidhmeannach BAI:

“Táthar ag cur tús leis an Straitéis Náisiúnta Dhigiteach le linn tráth fíorthábhachtach i bhforbairt thírdhreach rialála digití na hÉireann.  Is iomaí ról agus freagrachtaí ann do rialaitheoirí sa timpeallacht ar líne i reachtaíocht Éireannach agus Eorpach atá le foilsiú.  Ní mór a bheith ullmhaithe. Tá an BAI ag súil le obair shuntasach a dhéanamh chun a chinntiú go leagtar amach na feidhmeanna rialála sin mar is cóir, go bhfuil acmhainní cuí curtha ar fáil dóibh agus go socraítear suas mar is cóir iad chun go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta na rialála digití.”

Is éard a dúirt Garret Blaney, Coimisinéir le ComReg:

“D’fhéadfadh saineolas agus taithí ComReg agus saineolas agus taithí mo chomhghleacaithe sa DPC, BAI agus CCPC i dtaobh a mbealach a dhéanamh trí thionchar na margaí digiteacha cuidiú leis an Rialtas rialáil dhigiteach amach anseo a leagan amach agus ullmhú di.  Táimid tiomanta dár gcuid a dhéanamh tacú leis na cuspóirí straitéiseacha atá mar bhonn faoi Straitéis  Dhigiteach na hÉireann a bhaint amach.”