Scéim Teanga – Iarratas le haghaidh Aighneachtaí

26th Mí Meitheamh 2023

Tá an Coimisinéir um Chosaint Sonraí ag ullmhú Scéim nua Teanga de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil, léigh an Scéim Teanga reatha an an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

Tá an Coimisinéir um Chosaint Sonraí ag lorg aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara ar leasuithe ba mhaith leo a mholadh leis an scéim reatha. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí thar 4,000 focal (c. 8 leathanach) agus ba chóir iad a chur isteach trí ríomhphost chuig customerservice@dataprotection.ie le líne an ábhair “Aighneacht maidir leis an Dréacht-Scéim Teanga – 2023”. D’fhéadfadh go bhfoilseofaí na haighneachtaí a fhaightear ar láithreán gréasáin an DPC.

 

Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí ná 5.00 i.n., 26 Iúil 2023.