Cé Leis na Cearta

09th Mí Meán Fomhair 2019

Treochtaí agus Buaicphointí ó Shruth 1 de Chomhairliúchán Poiblí an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir leis na Cearta Cosanta Sonraí atá ag Leanaí

 Ó mhí na Nollag 2018 go mí na Bealtaine 2019, reáchtáil an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) comhairliúchán poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘an Rialachán Ginearálta’). Seoladh an comhairliúchán sin chun aghaidh a thabhairt ar roinnt ceisteanna a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na bhforálacha nua a bhaineann le leanaí faoin Rialachán Ginearálta, rud atá ar an gcéad dlí um chosaint sonraí riamh ón Aontas Eorpach lena dtarraingítear aird ar an tábhacht a bhaineann le sonraí pearsanta leanaí a chosaint agus ar staid na leanaí mar ábhair shonraí. Bhí an comhairliúchán eagraithe ina dhá shruth: ceann amháin a bhí dírithe ar gheallsealbhóirí is aosaigh agus an tionscal agus ceann eile a bhí dírithe ar leanaí agus daoine óga.

Bhí sé mar aidhm ag Sruth I páirt a thabhairt do gheallsealbhóirí is aosaigh sa díospóireacht. Thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a bhfreagraí a thabhairt ar cheann ar bith, nó ar gach ceann, de na 16 cheist atá leagtha amach sa doiciméad comhairliúcháin tiomnaithe. Áiríodh leis na páirtithe leasmhara sin tuismitheoirí, teagascóirí, eagraíochtaí um chearta leanaí, eagraíochtaí um chosaint leanaí, comhlachtaí ionadaíocha do thuismitheoirí agus do theagascóirí, agus eagraíochtaí a dhéanann sonraí leanaí a bhailiú agus a phróiseáil.

Chuir an Coimisiún réamhthuarascáil le chéile ar Shruth I den chomhairliúchán chun léargas a thabhairt ar an leibhéal teagmhála a rinneadh linn agus chun forbhreathnú a thabhairt ar na príomhthreochtaí agus na príomhthéamaí a d’eascair as an aiseolas a fuaireamar ó gheallsealbhóirí sna haighneachtaí uathu.

Cliceáil anseo chun an méid a dúirt geallsealbhóirí is aosaigh linn faoi na cearta cosanta sonraí atá ag leanaí a léamh. 

San iomlán, fuarthas 30 aighneacht mar fhreagra ar an sruth seo den chomhairliúchán. Rinne na geallsealbhóirí rannpháirteacha ionadaíocht do raon leathan earnálacha, lena n-áirítear cuideachtaí teicneolaíochta agus meán sóisialta, carthanais um chearta leanaí, comhlachtaí earnála poiblí, an lucht léinn, agus comhlachais trádála. Tá an liosta iomlán aighneachtaí ar fáil thíos: