“B’fhearr leat nithe áirithe a choinneáil príobháideach!” - Réamhthuarascáil maidir le Sruth II de chomhairliúchán an Choimisúin un Chosaint Conraí maidor le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearált

29th Mí Iúil 2019

Ó mhí na Nollag 2018 go mí na Bealtaine 2019, reáchtáil an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) comhairliúchán poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (‘an Rialachán Ginearálta’). Seoladh an comhairliúchán sin chun aghaidh a thabhairt ar roinnt ceisteanna a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na bhforálacha nua a bhaineann le leanaí faoin Rialachán Ginearálta, rud atá ar an gcéad dlí um chosaint sonraí riamh ón Aontas Eorpach lena dtarraingítear aird ar an tábhacht a bhaineann le sonraí pearsanta leanaí a chosaint agus ar staid na leanaí mar ábhair shonraí. Bhí an comhairliúchán eagraithe ina dhá shruth: ceann amháin a bhí dírithe ar gheallsealbhóirí is aosaigh agus an tionscal agus ceann eile a bhí dírithe ar leanaí agus daoine óga.

Le linn Shruth II, féachadh le ról díreach a thabhairt do leanaí agus daoine óga sa díospóireacht trí pháirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin saindeartha sa seomra ranga a bhí dírithe ar dhaltaí a bhí 8 mbliana d’aois nó ní ba shine. Rinne an Coimisiún paca ábhar plean ceachta a chruthú agus a dháileadh ansin. Ba é ab aidhm dó cabhrú le múinteoirí saincheisteanna cosanta sonraí a mhíniú dá gcuid daltaí agus iad a phlé leo agus díríodh go sonrach ann ar na meáin shóisialta agus ar na cineálacha sonraí a nochtar go rialta trí ghníomhaíocht ar na meáin shóisialta. Fuair an Coimisiún 50 aighneacht san iomlán ó scoileanna difriúla agus ó ionaid Ógtheagmhála dhifriúla ar fud na tíre. Agus 25 dhalta á n-úsáid mar mheánmhéid ranga, cumhdaíodh sna haighneachtaí sin na tuairimí a bhí ag thart ar 1200 dalta.

Chuir an Coimisiún réamhthuarascáil le chéile ar Shruth II den chomhairliúchán chun léargas a thabhairt ar an leibhéal teagmhála a rinneadh linn agus chun forbhreathnú a thabhairt ar na príomhthreochtaí agus na príomhthéamaí a d’eascair as an aiseolas a fuaireamar ó leanaí agus daoine óga sna haighneachtaí uathu. Níl an tuarascáil seo ceaptha chun a bheith ina píosa príomhúil taighde acadúil – ba é an t-aon chuspóir amháin a bhí leis an gcomhairliúchán aiseolas a bhailiú ó leanaí agus daoine óga maidir le saincheisteanna tábhachtacha cosanta sonraí agus leas a bhaint as an aiseolas sin chun bonn eolais a chur faoin treoir uainn ar deireadh ar an topaic.

Cliceáil anseo chun an méid a dúirt leanaí agus daoine óga linn faoi na saincheisteanna cosanta sonraí a bhaineann leo a léamh.