Gluais

Tá cialla sonracha dlíthiúla faoin GDPR ag na téarmaí seo a leanas a úsáidtear ar fud an treoirleabhair seo. D'fhonn do chearta a thuiscint go hiomlán, léigh an ghluais seo a leanas de na príomhthéarmaí.

Sonraí Pearsanta

Ciallaíonn an téarma "sonraí pearsanta" aon fhaisnéis a bhaineann le duine beo a aithnítear nó atá inaitheanta (gairtear "ábhar sonraí" den sórt sin).

Tá duine inaitheanta más féidir iad a aithint go díreach nó go neamhdhíreach ag baint úsáide as "aitheantóir". Tugann an GDPR samplaí d'aitheantóirí, lena n-áirítear ainmneacha, uimhreacha aitheantais agus sonraí suímh. Féadfar duine a aithint freisin trí thagairt a dhéanamh ar fhachtóirí atá sainiúil dá bhféiniúlacht, ar nós fachtóirí fisiceacha, géiniteacha nó cultúrtha.

Próiseáil

Tagraíonn an téarma "próiseáil" d'aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta. Áirítear le próiseáil sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a aisghabháil, a úsáid, a chur le chéile, a ghlanadh agus a scriosadh, agus féadfaidh oibríochtaí uathoibrithe nó láimhe a bheith i gceist.

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Bunaíodh an “Coimisiún um Chosaint Sonraí” ag na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 go 2018 (‘na hAchtanna um Chosaint Sonraí’). Faoin GDPR agus faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an Coimisiún freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm GDPR chun cosaint a thabhairt do chearta agus saoirsí daoine aonair maidir le próiseáil. I measc tascanna an Choimisiúin, tá air cur le heolas tuiscint an phobail faoi rioscaí, rialacha, cosaintí agus cearta maidir le próiseáil; deileáil le gearáin a chuireann ábhair sonraí isteach; agus comhoibriú le (lena n-airítear faisnéis a chomhroinnt le) húdaráis maoirseachta i mballstáit eile san AE.

Rialaitheoir Sonraí

Tagraíonn "rialaitheoir sonraí" do dhuine, do chuideachta nó do chomhlacht eile a chinneann na críocha agus na modhanna maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

Próiseálaí Sonraí

Tagraíonn "próiseálaí sonraí" do dhuine, do chuideachta nó do chomhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann rialaitheora sonraí.

Toiliú

Déantar roinnt cineálacha próiseála ar an mbonn go bhfuil do thoiliú tugtha agat. Faoin GDPR, ní mór toiliú don phróiseáil a thabhairt go saor, go sonrach, agus ní mór don duine a bheith eolach Ní féidir iallach a chur ort do thoiliú a thabhairt, ní mór a insint duit cén críocha lena n-úsáidfear do sonraí agus ba cheart duit do thoiliú a thaispeáint trí 'ráiteas nó mar ghníomhaíocht shoiléir dhearfach' (mar shampla, tic a chur i mbosca. Ní é an toiliú an t-aon bhonn dleathach ar féidir do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil. Leagtar amach le hAirteagal 6 den GDPR liosta iomlán de chuspóirí dleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil:

  1. Toiliú.
  2. Chun conradh a chomhlíonadh.
  3. Chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil eagraíocht faoina réir a chomhlíonadh.
  4. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha duine a chosaint.
  5. Nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail.
  6. Ar mhaithe le leasanna dlisteanach cuideachta/eagraíochta (seachas i gcás ina mbeidh sáraíocht ag na leasanna sin ar leasanna nó ar chearta agus ar shaoirsí an duine aonair).

*Tabhair do d’aire go forálann Airteagal 6(1)(f) nach bhfuil an cuspóir maidir le “leasanna dlisteanacha” ar fáil d’údaráis poiblí maidir le próiseáil a dhéanann siad i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Próifiliú

Is éard atá i bpróifíliú ná aon chineál próiseála uathoibrithe ar shonraí pearsanta a bhaineann le d'iompar, nósanna nó suimeanna a anailísiú nó iad a thuar.

Catagóirí speisialta sonraí pearsanta

Tá cineálacha áirithe sonraí pearsanta íogair faoi réir cosanta breise faoin GDPR. Tá siad seo liostaithe faoi Airteagal 9 den GDPR mar "chatagóirí speisialta" sonraí pearsanta. Is iad seo a leanas na catagóirí speisialta:

  1. Sonraí pearsanta a nochtann bunús ciníoch nó eitneach.
  2. Tuairimí polaitiúla.
  3. Creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta.
  4. Ballraíocht ceardchumainn.
  5. Sonraí géiniteacha agus sonraí bithmhéadracha a phróiseáiltear chun duine nádúrtha a aithint go huathúil.
  6. Sonraí maidir le sláinte.
  7. Sonraí a bhaineann le saol gnéasach nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha. Tá toirmeasc ar phróiseáil na gcatagóirí speisialta seo, ach amháin i gcúinsí teoranta atá leagtha amach in Airteagal 9 den GDPR.

Oifigeach Cosanta Sonraí

Ceanglaítear leis an GDPR ar rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a cheapadh in imthosca áirithe. Is féidir le rialaitheoir sonraí OCS a cheapadh dá dheoin féin freisin.