Treoir do leanaí maidir lena gcearta cosanta sonraí

Chuir an DPC trí phíosa treorach ar fáil do leanaí maidir le cosaint sonraí agus a gcearta faoin GDPR. Tá na treoracha seo dírithe go príomha ag leanaí ó 13 bliain ar aghaidh, mar is ón aois seo gur féidir le leanaí clárú d’fhoirmeacha éagsúla meán sóisialta leo féin.

Déanann an DPC tosaíocht thábhachtach de chosaint sonraí pearsanta leanaí, agus tá sé san áireamh sa chúig sprioc straitéiseacha dár Straitéis Rialála 2022-2027 a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite. Chomh maith leis seo, d’fhoilsíomar an leagan deireanach go déanaí dár dtreoir 'Bunphrionsabail' maidir le cearta cosanta sonraí leanaí, sa chaoi go bhféadfadh eagraíochtaí an chosaint speisialta atá riachtanach a chur ar fáil agus iad ag próiseáil sonraí leanaí. Ach chun sonraí leanaí a chosaint caithfear an t-eolas agus na huirlisí a thabhairt do leanaí chun cabhrú leo a gcuid sonraí féin a choimeád sábháilte.

Agus é seo á chuimhniú againn, tá na hábhair seo a leanas foilsithe ag an DPC:

 

Cosaint sonraí – céard atá i gceist?Children's data protection rights - Céard atá i gceist?

Tosaíonn an treoir seo leanaí agus daoine óga ag smaoineamh ar shonraí pearsanta agus cosaint sonraí, agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dóibh bheith ar an eolas faoi.

Is féidir leat an treoir a fheiceáil trí chliceáil anseo.

 

 

 

Mo chearta cosanta sonraíchildren's data protection rights - mo chearta cosanta sonraí

I ngach ceann de na treoracha ghearra seo, cuirtear leanaí ar an eolas faoi cheart difriúil cosanta sonraí, agus conas úsáid a bhaint as. Is féidir na treoracha seo a léamh le chéile nó astu féin:

  • Mo chearta cosanta sonraí – Iomlán - cliceáil anseo 
  • Cén fáth a bhfuil cearta cosanta sonraí tábhachtach? - cliceáil anseo
  • Bí ar an eolas faoi cad atá ag tarlú le do shonraí - cliceáil anseo
  • Cóip de do chuid sonraí a fháil - cliceáil anseo
  • Do shonraí a scriosadh - cliceáil anseo
  • Diúltú do dhaoine eile ag úsáid do shonraí - cliceáil anseo

 

 

 

Children's data protection rights - comhairle chun do shonraí pearsanta a choinneáil sábháilte ar líne

Comhairle chun do shonraí pearsanta a choinneáil sábháilte ar line

Sa treoir seo tá 15 comhairle chun cabhrú le leanaí – agus i ndáiríre gach duine – a gcuid sonraí a choinneáil sábháilte nuair a téann said ar line.

Is féidir leat an treoir a fheiceáil trí chliceáil anseo.

 

 

 

Tá súil ag an DPC go gcuideoidh na treoracha seo le leanaí a gcuid sonraí a choinneáil sábháilte, ach chomh maith go mbeidh siad úsáideach do thuismitheoirí, oideoirí agus aon duine a bhfuil suim acu i sábháilteacht agus folláine leanaí ar line.

Má tá aon cheist agat maidir le haon rud a léann tú sna treoracha seo, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an DPC nó glaoch a chur orainn agus beimid sásta do cheisteanna a fhreagairt.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi conas teagmháil a dhéanamh linn ag: www.dataprotection.ie/ga/contact/teagmhail-dheanamh-linn