Foireann Uirlisí maidir le Cumhdach Aosach
Sa Straitéis Rialála ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí don tréimhse 2022 – 2027, tugtar tús áite do chosaint leanaí agus do chosaint grúpaí soghonta eile. Ar aon dul leis an tosaíocht sin, féachann an Coimisiún lena chinntiú go ngnóthaíonn eagraíochtaí a oibríonn le haosaigh atá i mbaol, a thacaíonn le haosaigh atá i mbaol nó a théann i dteagmháil le haosaigh atá i mbaol ar shlí eile tuiscint níos fearr ar chearta cosanta sonraí agus ar na bunúis dlí ar a bhféadfar sonraí pearsanta a chomhroinnt.
Chun tacú leis an sprioc sin, rinne an Coimisiún caidreamh le geallsealbhóirí ábhartha (lena n-áirítear grúpaí tathanta, soláthraithe seirbhíse ar fud na hearnála poiblí, na hearnála príobháidí agus na hearnála deonaí, agus comhlachtaí rialála ábhartha eile) chun sainaithint a dhéanamh ar shaincheisteanna cosanta sonraí a thagann chun cinn i gcomhthéacs cumhdaigh aosach. Mar fhreagra air sin, chuir an Coimisiún treoir spriocdhírithe le chéile, atá leagtha amach mar Fhoireann Uirlisí maidir le Cumhdach Aosach. Áirítear na nithe seo a leanas leis an bhfoireann uirlisí;
- Píosa mionsonraithe treorach ar ghnéithe difriúla den dlí cosanta sonraí a mhéid a bhaineann go sonrach le Cumhdach Aosach
- Rannán Ceisteanna Coitianta ina dtugtar freagraí ar cheisteanna a fhaigheann an Coimisiún ón earnáil sláinte go minic
- Aguisín ina bhfuil acmhainní úsáideacha d’eagraíochtaí a phléann le haosaigh atá i mbaol, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Cleachtadh Cothromúcháin a Dhéanamh (Airteagal 6(1)(f) RGCS)
- Conas Beartas Cosanta Sonraí (‘Beartas Príobháideachta’) a scríobh
- Teimpléad samplach le haghaidh Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí
Chuir an Coimisiún roinnt grafaicí faisnéise le chéile freisin bunaithe ar an bhFoireann Uirlisí maidir le Cumhdach Aosach. Is féidir leat amharc ar na grafaicí faisnéise sin nó iad a íoslódáil trí chliceáil ar na híomhánna thíos: