Canbhasáil agus Treoir Toghchán – D’Fheachtasóirí

Prionsabail um Chosaint Sonraí

 

Ní mór d’iarrthóirí, do pháirtithe polaitíochta agus do na daoine sin a bhfuil baint acu le sonraí pearsanta a phróiseáil mar chuid d’obair canbhasála nó feachtasaíochta a chinntiú go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí atá orthu faoin dlí cosanta sonraí. Go háirithe, ba cheart duit a chinntiú gurb amhlaidh, maidir leis an úsáid a bhaineann tú as aon sonraí pearsanta a phróiseálann tú, a chomhlíonann sí na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcónaí. Ciallaíonn ‘próiseáil’ aon rud a dhéanamh le sonraí pearsanta, lena n-áirítear iad a choinneáil i mbunachar sonraí nó in aon riocht eile. Fágann sé sin gur cheart duit i gcónaí:

  • Sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus ar shlí thrédhearcach;
  • Sonraí pearsanta a bhailiú chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus gan iad a úsáid ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin ar shlí eile;
  • A chinntiú go bhfuil sonraí pearsanta leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na críche a phróiseáiltear iad;
  • Sonraí pearsanta a choinneáil cruinn agus cothrom le dáta agus aon sonraí míchruinne a scriosadh nó a cheartú gan mhoill;
  • I gcás go gcoinnítear sonraí pearsanta ar shlí lena gcumasaítear thú a shainaithint cé faoi a bhfuil na sonraí, iad a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá;
  • Sonraí pearsanta a choinneáil sábháilte trí bhearta slándála teicniúla agus/nó eagraíochtúla cuí a úsáid; 
  • Cuimhnigh nach mór duit a bheith in ann a thaispeáint gur chomhlíon tú na prionsabail thuas.

Ina theannta sin, ba cheart duit a bhreithniú conas a thabharfaidh tú freagra ar iarrataí ó dhaoine aonair atá ag iarraidh a gcearta cosanta sonraí (mar shampla an ceart rochtana) a fheidhmiú ar shlí thráthúil éifeachtach, agus aird á tabhairt ar an gceanglas nach mór freagra a thabhairt ar iarrataí ó ábhair sonraí gan moill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin ar a dhéanaí.

Is dóigh go mbeidh ceanglas ar pháirtithe polaitíochta a théann san iomaíocht i dtoghcháin ar an leibhéal náisiúnta Oifigeach Cosanta Sonraí a bheith acu. Ba cheart don Oifigeach Cosanta Sonraí a bheith ina c(h)uid dhílis de d’iarrachtaí an dlí cosanta sonraí a chomhlíonadh agus ba cheart é/í a choinneáil ar an eolas faoin obair canbhasála agus feachtasaíochta ar fad a bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist léi.

 

Post icon Canbhasáil tríd an bPost

Féadfaidh tú ainm agus seoladh na ndaoine atá ar Chlár na dToghthóirí a úsáid chun bileoga faisnéise toghcháin a sheoladh chucu tríd an bpost, a luaithe a shásaíonn tú tú féin go bhfuil bunús dlí agat le déanamh amhlaidh (agus aird á tabhairt ar fhorálacha RGCS agus ar fhorálacha an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, araon) agus go gcomhlíonann tú na prionsabail um chosaint sonraí. Go háirithe, ní mór duit bheith trédhearcach faoi úsáid den sórt sin a bhaint as sonraí pearsanta toghthóirí trí fhaisnéis a thabhairt dóibh faoi na nithe seo: cé thusa agus conas is féidir teagmháil a dhéanamh leat; conas a fuair tú a bhfaisnéis agus cad a chuimsítear inti; cé leis a gcomhroinnfidh tú an fhaisnéis; cá fhad a choinneoidh tú an fhaisnéis; cén bunús dlí atá ann leis na sonraí pearsanta a phróiseáil (cúram a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de ghnáth); agus cé na cearta cosanta sonraí atá acu. Is féidir an fhaisnéis sin a thabhairt trí í a chur ar áireamh i d’ábhair chanbhasála nó trí í a sheoladh ina dteannta sin.

 

location icon Dul Ó Dhoras go Doras

Nuair a théann canbhasálaí ó dhoras go doras agus nótaí á dtógáil d’idirghníomhaíochtaí le vótálaithe ionchasacha (e.g., an dóchúlacht go vótálfaidh siad, a sainrogha pholaitíochta, an méid is féidir áitiú orthu, etc.), is ionann é sin agus próiseáil sonraí pearsanta arb é an páirtí polaitíochta nó an duine aonair atá ag seasamh sa toghchán an rialaitheoir ina leith. I bhfocail eile, ní mór don pháirtí nó don duine aonair a bhfuil an canbhasálaí ag déanamh ionadaíocht dó/di a chinntiú go gcloítear sa ghníomhaíocht sin le ceanglais an dlí cosanta sonraí atá leagtha amach thuas. Is cuma cé acu a dúirt tú go sainráite le d’fhoireann canbhasála aon nótaí a thógáil nó nach ndúirt, cé acu a thugann na daoine a mbuaileann siad leo an fhaisnéis sin go deonach nó nach dtugann, nó fiú cé acu atá rochtain agat féin ar an bhfaisnéis bhailithe nó nach bhfuil. Is é an rud a fhágann gur ní cosanta sonraí é an ghníomhaíocht sin ná go bhfuil do chanbhasálaithe ag déanamh obair a bhfuil bailiú sonraí pearsanta i gceist léi ar iarraidh a fháil uait.

Dá bhrí sin, nuair atá tú ag dul ó dhoras go doras, ní mór duit a chinntiú go bhfuil coimircí cuí i bhfeidhm chun aon sonraí bailithe a thaifeadadh agus a chosaint, lena n-áirítear aon sonraí ina nochtar tuairimí polaitíochta. Má iarrann tú ar thoghthóirí a bhfaisnéis teagmhála (e.g., uimhir theileafóin nó seoladh ríomhphoist) a thabhairt, déan cinnte de go dtoilíonn siad le teagmháil leantach má tá sé beartaithe agat teagmháil leantach a dhéanamh. Ba cheart duit a chur in iúl go soiléir do thoghthóirí freisin nach bhfuil aon oibleagáid orthu aon fhaisnéis a thabhairt duit agus nach bhfuil an fhaisnéis sin á bailiú agat ach amháin i gcás go dtoilíonn siad leis. Ba cheart duit tréimhse choinneála a bheith agat le haghaidh aon fhaisnéise a fhaightear ón gcanbhasáil agus nósanna imeachta a chur chun feidhme le haghaidh sonraí pearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá.

 

document icon Dlíthiúlacht na Próiseála

Faoi mar atá amhlaidh i gcás gach rialaitheora sonraí pearsanta, tá freagracht ar fheachtasóirí a chinntiú gur ‘dleathach’ atá aon úsáid a bhaineann siad as sonraí pearsanta. Maidir le roinnt de na sonraí pearsanta a mbaineann feachtasóirí úsáid astu, d’fhéadfadh siad a bheith ina sonraí dá ngairtear sonraí pearsanta ‘catagóire speisialta’, amhail sonraí ina nochtar tuairimí polaitíochta.

Mar shampla, ceadaítear do pháirtithe polaitíochta agus do dhaoine atá ag seasamh i dtoghchán úsáid a bhaint as faisnéis atá i gClár na dToghthóirí chun cumarsáid a dhéanamh le vótálaithe, chun canbhasáil a dhéanamh, chun bileoga faisnéise a dháileadh agus chun gnáthghníomhaíochtaí toghcháin eile a dhéanamh. Ní chuimsítear aon sonraí catagóire speisialta i gClár na dToghthóirí toisc nach bhfuil ann go bunúsach ach liosta de na daoine atá i dteideal vótáil. Má chomhcheanglaítear faisnéis ón gclár le faisnéis ó fhoinsí eile (e.g., faisnéis maidir le sainroghanna polaitíochta agus leis an dóchúlacht go vótálfaidh duine aonair, etc.) chun bunachar sonraí dílsithe a chruthú, áfach, is dóigh go mbeidh próiseáil sonraí catagóire speisialta sa ghníomhaíocht sin. Is í an difríocht ná gur féidir úsáid a bhaint as an mbunachar sonraí sin anois chun daoine aonair a shainaithint, agus chun spriocdhíriú orthu, ar bhonn a dtuairimí polaitíochta.

Tá cosaintí breise faoi RGCS ag sonraí catagóire speisialta. I gcomhthéacs gníomhaíochtaí toghcháin, fágann sé sin gurb amhlaidh, chun go mbeidh an phróiseáil dleathach, nach mór bunús dlí a bheith aici i gcónaí faoi Airteagal 6 RGCS ach gurb amhlaidh, más ionann í agus próiseáil sonraí catagóire speisialta, nach mór ceann amháin de choinníollacha Airteagal 9(2) RGCS a chomhlíonadh léi freisin. Tá sé de fhreagracht ar an rialaitheoir a chinneadh cén bunús dlí atá ann le hoibríocht próiseála ar leith, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith éagsúil ag brath ar an gcomhthéacs, amhail toiliú le margaíocht dhíreach leictreonach nó próiseáil ‘is gá chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail’ i gcás gníomhaíochtaí toghcháin áirithe. I gcás go bhfuiltear ag brath ar thoiliú mar bhunús dlí, ní mór an toiliú a bheith tugtha faoi shaoirse agus ní mór é a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí.

 

search icon Trédhearcacht

Má bhailíonn tú faisnéis go díreach ó dhaoine aonair, bíodh sé i bpearsa nó ar shlí eile, nó ó fhoinsí tríú páirtí, bíodh sé i bpearsa nó ar shlí eile, ní mór duit bheith trédhearcach faoin úsáid atá tú ag baint as a sonraí pearsanta (ar aon dul le hAirteagail 13 agus 14 RGCS faoi seach). Ní mór duit faisnéis a thabhairt dóibh faoi na nithe seo: cé thusa agus conas is féidir teagmháil a dhéanamh leat; cén fáth a bhfuil tú ag bailiú a sonraí; cé leis a gcomhroinnfidh tú a sonraí; cá fhad a choinneoidh tú a sonraí; cén bunús dlí atá ann leis an bpróiseáil sin; agus cé na cearta cosanta sonraí atá acu. Is féidir leat, mar shampla, an fhaisnéis sin a thabhairt ar bhonn duine le duine nó bileog faisnéise ina leagtar an fhaisnéis sin amach a thabhairt do dhaoine aonair. Is féidir leat freisin daoine aonair a threorú chuig dóigh eile ar féidir leo an fhaisnéis sin a rochtain go héasca, mar shampla ar do shuíomh Gréasáin. Má dhéanann tú é sin nó má úsáideann tú modh neamhdhíreach eile le haghaidh an fhaisnéis sin a thabhairt, ba cheart duit, ar a laghad, toghthóirí a insint ar dtús faoi cé thusa, faoi conas is féidir teagmháil a dhéanamh leat agus faoi cén fáth a bhfuil a bhfaisnéis á bailiú agat agus a mhíniú go bhfuil cearta acu (lena n-áirítear i ndáil le próiseáil a sonraí).

 

laptop icon Canbhasáil Ar Líne

Má oibríonn tú suíomh Gréasáin, ba cheart duit a chinntiú go gcomhlíonann tú na hoibleagáidí trédhearcachta atá ort trí ráiteas príobháideachta a bheith agat is féidir a rochtain go héasca, atá infheicthe go soiléir agus atá éasca le tuiscint ina dtugtar an fhaisnéis seo a leanas do dhaoine aonair: cé thusa agus conas is féidir teagmháil a dhéanamh leat; cé na sonraí pearsanta atá á mbailiú/á n-úsáid agat agus cén fáth; cén fhoinse a bhfuair tú na sonraí uaithi má fuair tú na sonraí ó fhoinse eile; an bunús dlí leis an bpróiseáil; cé leis a gcomhroinnfidh tú na sonraí; cá fhad a choinneoidh tú na sonraí; agus cé na cearta cosanta sonraí atá acu. Má bhaineann do shuíomh Gréasáin úsáid as fianáin chun sonraí úsáideoirí a bhailiú, ba cheart an méid sin a mhíniú go soiléir air, agus téarmaí na húsáide fianán á mionsonrú agus modh a sholáthar le haghaidh toiliú le fianáin a chur a thabhairt nó a dhiúltú. Má tá sé beartaithe agat gabháil d’fhógraíocht polaitíochta ar líne nó úsáid a bhaint as seirbhísí tríú páirtí le haghaidh gníomhaíochtaí toghcháin, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil bunús dlí agat le haon sonraí pearsanta a chomhroinnt leis an tseirbhís tríú páirtí sin nó leis an ardán fógraíochta tríú páirtí sin (go háirithe toisc go bhféadfadh gurbh ionann é sin agus próiseáil sonraí catagóire speisialta de réir Airteagal 9 RGCS). Ní mór eolas a thabhairt do dhaoine aonair freisin faoi aon tríú páirtithe a gcomhroinnfear a sonraí pearsanta leo.

 

world icon Margaíocht Dhíreach Leictreonach agus Canbhasáil

Níor cheart duit úsáid a bhaint as na sonraí pearsanta a shealbhaíonn tú ar thoghthóir chun cumarsáidí canbhasála margaíochta dírí leictreonaí (teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist, glaonna teileafóin nó facsanna) a sheoladh ach amháin i gcás gur thoiligh an duine roimhe sin le cumarsáidí den sórt sin a fháil. Tá sé tábhachtach go gcoinneofá taifead ar an toiliú toisc gur gá duit a bheith in ann a thaispeáint go raibh toiliú agat lena sonraí pearsanta a úsáid ar an tslí sin. Nuair atá cumarsáid á déanamh agat trí theachtaireacht téacs, trí ríomhphost, ar an bhfón nó trí fhacs, ba cheart a chur in iúl i ngach teachtaireacht go bhfuil sí á seoladh agatsa nó go bhfuil sí á seoladh thar do cheann agus ba cheart rogha diúltaithe atá éasca le húsáid a bheith ar áireamh inti chun gur féidir leis an bhfaighteoir an ceart atá aige/aici gan aon chumarsáidí den chineál sin a fháil uait a thuilleadh a fheidhmiú. Níor cheart duit choíche úsáid a bhaint as faisnéis teagmhála atá faighte agat ó thríú páirtithe chun críocha canbhasála margaíochta dírí leictreonaí. Ní mór duit a chuimhneamh freisin gurb amhlaidh, i gcás go bhfuil tú ag brath ar thoiliú mar bhunús dlí le sonraí pearsanta duine éigin a phróiseáil, nach mór an toiliú sin: a bheith tugtha faoi shaoirse (ní mór rogha a bheith ag an duine aonair dáiríre maidir le toiliú a thabhairt nó gan toiliú a thabhairt); a bheith sonrach (ní mór an toiliú a bheith bainteach le críoch shonrach); a bheith feasach (ní mór go leor faisnéise a bheith tugtha don duine aonair chun rogha fheasach a dhéanamh ar thoiliú a thabhairt nó gan toiliú a thabhairt); agus a bheith gan athbhrí (ní mór an toiliú a bheith soiléir agus a bheith tugtha d’aon ghnó – ní hionann boscaí a bhfuil tic curtha leo cheana féin, tost nó neamhghníomhaíocht agus toiliú).

 

  An bhfuil fonn ort cóip a phriontáil amach?

Tá leagan PDF den treoir seo d’fheachtasóirí maidir le canbhasáil agus toghcháin ar fáil le híoslódáil agus le priontáil.