Seol ar ais chuig an Seoltóir: Sáruithe Sonraí agus Comhfhreagras ar Ríomhphost

14th Mí Bealtaine 2020

Seolann agus faigheann rialaitheoirí sonraí, san earnáil phríobháideach agus phoiblí, líon mór comhfhreagrais ar ríomhphost gach lá. Cé gur uirlis cumarsáide éifeachtach agus luachmhar é an ríomhphost, is féidir leis a bheith ina bhun agus barr le sáruithe coitianta cosanta sonraí.

De ghnáth, is earráid dhaonna is cúis leis an gcuid is mó de na sáruithe sonraí a tharlaíonn a bhaineann leis an ríomhphost.  D'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar nochtuithe ríomhphoist neamhbheartaithe, ag brath ar an ábhar, go gcuirfí cearta agus saoirse na n-ábhar sonraí a bhí i gceist i mbaol.

 

Earráidí coitianta atá tugtha ar aird ag an DPC le gairid

  • Seo thíos roinnt samplaí d'earráidí coitianta atá tugtha ar aird ag an DPC le gairid:
  • Ríomhphost seolta chuig an bhfaighteoir mícheart de bharr earráid dhaonna.
  • Ríomhphost seolta chuig an bhfaighteoir mícheart de bharr go raibh an tseirbhís teachtaireacht ag tuar seoladh ríomhphoist na bhfaighteoirí bunaithe ar na chéad charachtair a cuireadh isteach.
  • An cháipéis mhícheart nó an hipearnasc mícheart a chur le ríomhphost.
  • Slabhra ríomhphoist a chur ar aghaidh chuig faighteoir neamhbheartaithe/neamhúdaraithe.
  • Ríomhphost seolta chuig go leor faighteoirí ag baint úsáid as na réimsí 'To' nó 'Cc' seachas an réimse 'Bcc'.

 

Moltaí

  • Cinntigh go bhfuil an faighteoir cuí roghnaithe sula seoltar ríomhphost.
  • Cinntigh go bhfuil na hiatáin chuí roghnaithe sula seoltar ríomhphost.

 

Cén uair is ceart úsáid a bhaint as Cóip Charbóin Fholaithe (BCC)?

  • Bcc - Cuireann ar do chumas ríomhphost a sheoladh chuig faighteoirí éagsúla gach seoladh ríomhphoist daoine eile sa liosta faighteoirí a thabhairt le fios.
  • Cc - Cuireann ar chumas gach duine a fhaigheann an ríomhphost seoltaí ríomhphoist na bhfaighteoirí eile go léir a fheiceáil.

Más rud é, i do cháil mar rialaitheoir sonraí, go gcaithfidh tú ríomhphost a sheoladh chuig go leor faighteoirí agus go bhfuil gá seoltaí ríomhphoist na bhfaighteoirí a choinneáil príobháideach, ba chóir an réimse 'Bcc' a úsáid.

Anuas ar an méid thuas, má úsáidtear an 'To' agus 'Cc', cuireann sin ar chumas na bhfaighteoirí 'Reply all' a dhéanamh agus cruthaíonn tuilleadh baoil go gcuirfidh na faighteoirí eolas breise, a d'fhéadfadh a bheith íogair, nó pearsanta ar fáil iad féin. Baol nach mbeadh i gceist dá mbeadh úsáid bainte as an bhfeidhm 'Bcc'. 

Má seoladh ríomhphost chuig an bhfaighteoir mícheart/neamhúdaraithe, moltar go gcuirfidh an rialaitheoir sonraí ríomhphost ina dhiaidh sin ar Bcc chuig na hábhair sonraí a bhí i gceist agus leithscéal a ghabháil, agus treoir a thabhairt an ríomhphost lochtach a scriosadh, agus a chur in iúl do na faighteoirí nach bhfuil sé de cheart acu úsáid a bhaint a thuilleadh as na seoltaí ríomhphoist a cuireadh in iúl dóibh.

Má chinneann tú go mbeidh baol i gceist, beag beann ar dhéine (Íseal, Meánach, Ard, Trom) d'ábhar sonraí mar thoradh ar a leithéid d'eachtra (is féidir tuilleadh eolais a fháil ina leith seo inár treoir phraiticiúil ar fhógraí maidir le sáraithe sonraí), tá sé de cheanglas ort an DPC a chur ar an eolas faoi fhorálacha Airteagal 33(1), ag úsáid foirm ar líne maidir le sárú a thuairisciú an DPC.