Roghanna do shlándáil aipe

15th Mí Lúnasa 2019

Baineann an chuid is mó dúinn úsáid as gléasanna móibíleacha inár ngníomhaíochtaí laethúla. Bíonn sonraí pearsanta go coitianta sna haipeanna a úsáidtear ar na gléasanna seo, agus bíonn na sonraí seo ann le haghaidh éascaíocht úsáideora, oibríochtí feidhme, nó fiú cuspóirí margaíochta. Ní mór d’eagraíochtaí cinntiú go bhfuil aon sonraí pearsanta a bhfuil á phróiseáil acu slán agus sábháilte.

Is éard atá i gceist le slándáil ná na rudaí a dhéanann nó a úsáideann eagraíochtaí chun do shonraí a choimeád sábháilte, ar a n-aipeanna féin san áireamh. Cuimhnítear uirthi ar dtús agus aip á dearadh agus á fhorbairt, agus ba cheart go gcinnteoidh sí go bhfuil aip sábháilte am ar bith nuair a déantar próiseáil ar na sonraí pearsanta a cuirtear ar fáil di – is coincheap é seo a dtugtar “cosaint sonraí de réir dearadh” air, agus tá sé cumhdaithe sa dlí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Nuair a déantar cosaint sonraí de réir dearadh, déantar bearta agus cosaintí éifeachtacha, a feabhsaíonn príobháideachas agus a thacaíonn le prionsabail um chosaint sonraí, slándáil san áireamh, a chur isteach i dtograí ina bpróiseáltar sonraí pearsanta, mar shampla aipeanna, go luath agus i rith saolré an aip agus aon phróiseáil bhainteach.

Slándáil aipe – fíordheimhniú

Is féidir le húsáideoirí bearta a dhéanamh maidir leis na sonraí pearsanta atá stóráilte acu ar aip nó ag aip sábháilte go gcoinnítear sábháilte iad. Tá roinnt bealaí ina bhféadfadh aip srian a chur ar úsáid agus rochtain ar a cuid sonraí, go hiondúil trí riachtanas chun aitheantas aon duine a úsáídeann í a dheimhniú (a fhíordheimhniú). Pasfhocail a chruthann úsáideoir don aip nó don tseirbhís lena cheanglaíonn an aip is mó a úsáidtear chun é seo a dhéanamh.

Tá roinnt aipeanna, mar shampla, aipeanna ríomhphoist, aipeanna baincéireachta agus aipeanna sóisialta, a cheadaíonn dhá chéim nó níos mó don fhíorú aitheantais seo. I gcás ina bhfuil dhá chéim nó níos mó d’fhíorú aitheantais, tar éis an chéim ina gcuirtear an pasfhocal isteach, lorgódh an aip cruthúnas eile d’aitheantas an úsáideora. D’fhéadfadh an cruthúnas bheith sna foirmeacha seo a leanas:

  • Cóid a sheoltar trí SMS
  • Aipeanna fíordheimhnitheora
  • Cártaí cliste.

Ní chuireann gach aip an fíorú aitheantais ilchéimneach seo, agus d’fhéadfadh aipeanna éagsúla é a úsáid i mbealaí éagsúla. Mar sin, tá sé tábhachtach go ndéanann tú taighde chun a fháil amach an bhfuil said ar fáil agus conas a cheadaíonn an aip duit úsáid a bhaint astu. Is féidir feabhas mór a chur ar shlándáil na sonraí san aip trí fhíorú aitheantais ilchéimneach a úsáid.

Cineál eile fíorú aitheantais a bhféadfaí úsáid ná aitheantas bithmhéadrach. D’fhéadfadh an t-aitheantas seo bheith sna foirmeacha seo a leanas:

  • aghaidh-aithint,
  • scanadh méarloirg,
  • aitheantas gutha, nó
  • scanadh reitine.

Mar sin féin, cé go n-ardaíonn úsáid sonraí bithmhéadracha ceisteanna tromchúiseacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, agus nach féidir pointí sonraí bithmhéadracha a athshocrú (tá sé deacair méarloirg/imrisc/aghaidheanna a athrú), ba cheart go hiondúil go mbeadh rogha iad a úsáid agus go n-úsáidfear iad i gcomhar le modhanna iontaofa eile chun fíordheimhniú a dhéanamh. Ba cheart go gcinnteoidh rialaitheoirí go n-úsáidfear sonraí bithmhéadracha de réir riachtanas Airtegal 6 agus Airteagal 9 den RGCS, maidir le dlíthiúlacht catagóirí speisialta de shonraí pearsanta a phróiseáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi shlándáil sonraí d’eagraíochtaí, léigh an Treoir do Rialaitheoirí faoi Shlándáil Sonraí.