Na hImpleachtaí Cosanta Sonraí a Bhaineann leis an bPrótacal maidir le Filleadh go Sábháilte ar an Obair

26th Mí Meitheamh 2020

San am i láthair, tá filleadh ar an obair ar bhonn céimnithe á gcur i bheidhm nó á ullmhú ag fostóirí agus fostaithe mar chuid den phlean oibre atá ag an Rialtas chun an tsochaí agus gnó a athoscailt. Chun tacaíocht a thabhairt d’fhostóirí agus d’fhostaithe leis an tionscnamh seo, d’fhoilsigh an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta (DBEI) Prótacal maidir le Filleadh go Sábháilte ar an Obair (“an Prótacal”) le déanaí. Chomh maith leis seo, d’fhoilsigh an DBEI treoir mhínitheach le tacú le fostaithe i gcás ina tharlaíonn próiseáil sonraí pearsanta mar thoradh ar cur i bhfeidhm na beart a mholann an Prótacal.

Is é aidhm na cáipéise treorach seo comhairle a thabhairt d’fhostóirí maidir le bearta an Phrótacail a chur i bfheidhm i mbealach a chloíonn lena n-oibleagáidí mar rialaitheoirí sonraí faoin GDPR agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Na hImpleachtaí Cosanta Sonraí a Bhaineann leis an bPrótacal maidir le Filleadh go Sábháilte ar an Obair