Margaíocht dhíreach – An t-eolas a theastóidh uait faoi mhargaíocht dhíreach

18th Mí Meán Fomhair 2019

Faigheann an Coimisiún um Chosaint Sonraí go leor ceisteanna maidir le cumarsáid margaíochta dhíreach agus conas is féidir le dhaoine aonair diúltú dóibh.

Tagann margaíocht dhíreach faoi réir an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus Rialachán 13 de na Rialacháin e-Príobháideachais (I.R. 336 ó 2011).

Go hiondúil, is éard atá i gceist le margaíocht dhíreach ná eagraíocht (margóir) ag déanamh iarracht tairge nó seirbhís a chur chun cinn, nó ag spreagadh duit faisnéis bhreise a iarraidh faoi tháirge nó faoi sheirbhís, trí dhíriú ort mar dhuine aonair.

Is iad roinnt samplaí de mhargaíocht dhíreach ná:

  • Ríomphoist;
  • Téacsanna;
  • Teachtaireachtaí facs;
  • Glaonna guthán; nó
  • Post.

Ní iarrtar margaíocht dhíreach i gcónaí. Má fhaigheann tú margaíocht dhíreach nuair nár thug tú d’fhaisnéis d’eagraíocht, nó nár thug tú í le haghaidh cuspóir margaíochta, tugtar margáiocht dhíreach gan iarraidh ar seo.

Margaíocht dhíreach gan iarraidh

Is í margaíocht dhíreach gan iarraidh ná, go bunúsach, teagmháil margaíochta a rinneadh leat nár lorg tú nó nár iarr tú. D’fhéadfadh gur thug tú, nó nár thug tú, d’fhaisnéis teagmhála go díreach le heagraíocht. Ar aon nós, ní hionann seo agus a rá gur thug tú do shonraí teagmhála sa chaoi go gcuirfidh an eagraíocht a thairgí no a sheirbhísí chun cinn leat.

Is féidir cosc a chur le tuilleadh margaíochta dhíreach gan iarraidh a sheoladh chugat ag eagraíocht trí iarratas díliostáilte a sheoladh chuig an eagraíocht a sheol an t-ábhar margaíochta chugat. Ba cheart go mbeidh seoladh bailí i gcónaí san ábhar margaíochta a fhaigheann tú ionas gur féidir leat a leithéid de theachtaireacht a sheoladh chuige agus is gá go ndéileálfar le d’iarratas díliostáilte.

Ní hé i gcónaí, áfach, go mbíonn margaíocht dhíreach gan iarraidh. Mar shampla, má tá caidreamh gnó agat le heagraíocht le déanaí nó go leanúnach, i gcomhthéacs tairge nó seirbhís a dhíol, d’fhéadfaí nach meastar go bhfuil teagmháil margaíochta ón eagraíocht sin gan iarraidh. Sa chás sin, agus tú ag tabhairt do shonraí teagmhála ag an bpointe díolacháin do thairge nó do sheirbhís, d’fhéadfaí gur tugadh rogha duit diúltú do mhargaíocht dhíreach. Murar ndearna tú rogha diúltú leis an mhargaíocht, d’fhéadfadh an eagraíocht cumarsáid margaíochta dhíreach a sheoladh chugat ina dhiaidh sin maidir le tairgí nó seirbhísí den chineál céanna.

Má fhaigheann tú margaíocht dhíreach ó eagraíocht nár phléigh tú leis riamh agus má tá imní ort faoi cen áit a bhfuarthas d’fhaisnéis, is féidir leat míniú a iarraidh ón eagraíocht atá i gceist. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh déan teagmháil leis an oifig seo, le do thoil, le haghaidh tuilleadh comhairle.

Níl próiseáil sonraí pearsanta i gceist le gach cumarsáid margaíochta a sheolann eagraíocht agus, mar sin, ní bhaineann rialacháin cosanta sonraí sa chásanna sin. Mar shampla, má fhaigheann tú margaíocht poist gan seoladh sa bhaile, ní thagann sé seo faoi reachtaíocht cosanta sonraí.

Ní margaíocht dhíreach atá i gceist ach oiread le suirbhéanna margaíochta ag lorg do thuairimí ar cheisteanna ar nós polaitíochta nó roghanna éisteachta raidió.

Clár Díliostála Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta (NDD)

Má tá d’uimhir ghutháin cláraithe ar Chlár Díliostála Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta (NDD), tá cosc ar mhargóirí glaoch a chur ar d’uimhir ghutháin le haghaidh cuspóirí margaíochta dhíreach. Chun d’uimhir líne talún a chur ar Chlár Díliostála Bhunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta, ba cheart duit dul i dteagmháil le do sholáthraí seirbhíse líne ghutháin.

Imní faoi Mhargaíocht Dhíreach

Má fhaigheann tú cumarsáid margaíochta dhíreach a bhriseann na rialacha seo, is féidir d’imní a chur isteach chuig an gCoimisiún ag tabhairt achoimre ar na sonraí. Tá ár bhfoirm ar líne don chuspóir seo ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Léigh níos mó ar ár rialacha le haghaidh margaíocht leictreonach agus dhíreach.