Léamh an Choimisiúin ar Chúntóirí Digiteacha

02nd Mí na Nollag 2019

D’fhreastail an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) ar Chomhchoiste an Oireachtais um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol i mí na Samhna 2019 chun saincheist na gcúntóirí digiteacha a phlé, rud a bhféadfadh go mbeadh suim ar leith ag an bpobal ann sa tréimhse roimh an Nollaig. Bhí Leas-Choimisinéir Dale Sunderland, atá freagrach as feidhmeanna Comhairliúcháin, Maoirseachta agus Polasaí sa Choimisiún, chomh maith le Coimisinéirí Cúnta Cathal Ryan agus Ultan O’Carroll, i láthair mar ionadaí don Choimisiún. Chuir an Coimisiún céadráiteas i láthair don Chomhchoiste agus thug sé freagraí ar cheisteanna faoi na himpleachtaí cosanta sonraí a bhaineann leis na teicneolaíochtaí seo. Tá achoimre deánta againn thíos ar aighneachtaí an Choimisiúin maidir leis an gceist.

 

Cad iad cúntóirí digiteacha?

Sa lá atá inniu ann, cuireann a lán fóin, seirbhísí ar líne, agus feistí aonair gnéithe ar fáil, a dtugtar cúntóirí digiteacha, cúntóirí fíorúla, nó cúntóirí gutha orthu – na téarmaí a úsáidtear go coitianta chun cur síos a dhéanamh ar fheiste nó seirbhís tomhaltóra nó ar fheiste nó seirbhís sa bhaile a bhfuil in ann oibriú trí éisteacht le horduithe nó le treoracha ó ghuth daonna.

Taifeadann cúntóirí gutha gearrthóga fuaime úsáideora agus iompraíonn said na gearrthóga sin I bhfoirm téacs a fheidhmíonn mar ionchuir le seirbhísí ar líne, mar shampla, cuardach, aimsir, siopadóireacht, mapáil agus cumarsáid. I gcásanna áirithe, nuair atá na feistí suite sa bhaile, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as na treoracha chun feistí cliste a rialú, mar shampla, iad siúd a úsáidtear le haghaidh soilsiú, teilifís agus meáin, teas, agus slándáil.

Go minic, éisteann cúntóírí gutha go leanúnach le haghaidh treoracha agus I gcásanna áirithe cumraítear iad chun guthanna aonair a aithint. D’fhéadfadh eochairfhocail ar nós “Hey Google” nó “Siri” taifeadadh a thionscnamh ar ghuth an úsáideora. D’fhéadfaí taifeadtaí gutha a stóráil in éineacht lena bhfoirmeacha athchóirithe téacs ar an bhfeiste nó sa néal. D’fhéadfadh go dtaifeadfaidh soláthraithe seirbhíse é seo chomh maith I gcoinne próifíl an úsáideora, roghanna an úsáideora, agus roghanna a baineadh as anailís ar orduithe gutha an úsáideora.

Go coitianta is féidir le húsáideoirí ceisteanna a chur ar a gcúntóirí, cuardaigh a dhéanamh, bealaí a phleanáil, feistí uathoibrithe baile agus athsheinm meáin a rialú, agus buntascanna eile ar nós ríomhphost, liostaí le déanamh agus féilirí a bhainsitiú le horduithe ó bhéal.

Is iad na samplaí is coitianta ná Google Assistant ó Google, Siri ó Apple, Alexa ó Amazon, agus Cortana ó Microsoft.

 

 

 

Cad iad roinnt de na ceisteanna cosanta sonraí a tharraingíonn cúntóirí digiteacha?

Tá cúntóirí digiteacha an-choitianta anois. Tá saoráid cúnaimh dhigiteach ag an gcuid is mó d’fhóin cliste agus tá feistí ag a lán daoine ina mbailte. Cé gur féidir leis na feistí agus na seirbhísí seo go leor búntáistí úsáideacha agus bealaí níos éasca d’úsáideoirí, d’fhéadfaí go mbeadh rochtain suntasach acu ar shonraí pearsanta, ó go leor foinsí, agus d’fhéadfadh said tuilleadh sonraí a chruthú, trí iompar úsáideora a scrúdú agus suimeanna a bhaint as an iompar sin.

Cuireadh imní in iúl chomh maith faoi chúntóirí digiteacha ag déanamh taifeadadh ar chomhráite nuair nach bhfuil úsáideoirí ar an eolas faoi nó nach bhfuil súil acu air, mar shampla, nuair a chuirtear an fheidhmiúlacht taifeadta ar siúl de thimpiste, nó murar ghlac na forbróirí agus/nó na hoibritheoirí cur chuige de réir dearadh agus réamhshocraithe.

Go minic, de bharr an éagsúlacht sa ghuth dhaonna, sa bhlas, sa tuin nó sa nath cainte, traenálfar cúntóirí digiteacha trí mheaisínfhoghlaim, le go leor guthanna samplaí, chun eiseamláir de chaint daonna a chruthú. D’fheadfaí na n-eiseamláirí seo a nuashonrú de réir a chéile chun iad a bheachtú agus chun an caighdeán a fheabhsú. I gcásanna áirithe, beidh ga le hathbhreithníú daonna ar bhlúirí gutha chun rialú cáilíochta a chinntiú, go háirithe nuair nach n-aithnítear focail go ceart, nó chun míghníomhachtúcháin den fheiste a laghdú.

Go coitianta, déantar athbhreithniú daonna ar shonraí gutha a bhailítear agus a phróiseáltar go huathoibríoch chun feabhas a chur ar na halgartaim a úsáidtear sa teicneolaíocht cúntóirí digiteacha. Cé nach bhfuil fadhb ann ó thaobh cosanta sonraí de, tá go leor gnéithe cosanta sonraí sa chineál sin próiseála. Caithfidh go ndéanfar measúnú cúramach ar na gnéithe seo ag na comhlachtaí a chuireann na seirbhísí seo ar fail, chun cinntiú go n-úsáidtear sonraí úsáideoirí go cuí.

Ar na cúiseanna seo, caithfidh go mbeidh aon duine a thairgeann nó a úsáideann cúntóirí digiteacha ar an eolas faoi rioscaí na dteicneolaíochtaí seo, chomh maith leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis na córais seo. Chun laghdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na teicneolaíochtaí seo, caithfidh eagraíochtaí cuimhneamh ar dtús faoi conas a chomhlíonann siad gach ceann de na ‘prionsabail um chosaint sonraí’. Go háirithe, caithfidh iad siúd a thairgeann na cúntóirí digiteacha seo cinntiú:

  • go bhfuil bonn chuí dhleathach chun na sonraí pearsanta a phróiseáil (is cosúil go mbíonn an próiseáil bunaithe ar thoiliú an úsáideora nó ar leasanna dhlisteanacha de ghnáth);
  • go dtugadh faisnéis trédhearcachta atá leordhóthanach, soiléir agus cuimsitheach d’úsáideoirí maidir le cineál, méid agus cuspóir na próiseála dá sonraí pearsanta; agus
  • go bhfuil bearta éifeachtacha agus iomchuí I bhfeidhm chun cearta agus saoirsí úsáideoirí a chosaint agus chun slándáil agus rúndacht a sonraí a chinntiú.

Chun a bheith cinnte go gcosnaítear cearta agus saoirsí úsáideoirí, ba cheart d’eagraíochtaí cur chuige a ghlacadh chun íoslaghdú a dhénamh ar an méid sonraí pearsanta a stóráilfear nó a phróiseálfar. Chun slándáil na sonraí pearsanta atá á phróiseáil a chinntiú, go háirithe maidir leis an athbhreithniú daonna a d’fhéadfadh go ndéanfar ar thaifeadtaí gutha, caithfidh eagraíochtaí bearta cosanta sonraí a chur I bhfeidhm a bhfuil iomchuí don sórt agus don mhéid próiseála a dhéanann siad. D’fhéadfaí go n-áirítear sna bearta seo:

  • go ndearfar an próiseas le cuimhne a choinneáil ar chosaint sonraí ó dtús;
  • cosaintí slándála teicniúla cosúil le bréagainmniú agus criptiú sonraí pearsanta;
  • rialúcháin rochtana d’fhoireann nó do chonraitheoirí a bhfuil sonraí pearsanta á phróiseáil acu;
  • oiliúint sásúil don fhoireann lena mbaineann;
  • slándáil fisiciúil, agus oiliúint ceart don fhoireann;
  • rannpháirtíocht roghnach ó úinéirí feistí i gcláir chun tairgí a fheabhsú; agus
  • rialaithe úsáide éasca agus éifeachtach, a cheadaíonn d’úsáideoirí rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta, agus iad a athbhreithniú agus a scriosadh.

Cén obair atá á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le cúntóirí digiteacha?

Mar Phríomhúdarás Maoirseachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh roinnt de na comhlachtaí a mbaineann sé leo – Google, Apple agus Microsoft mar shampla – tá an Coimisiún ag plé leis na heagraíochtaí sin faoi láthair chun deimhniú cén bealach ina gcloíonn a dtairgí cúntóra gutha le richatanais cosanta sonraí. I gcásanna eile, déanann ár gcomhghleacaithe thar lear obair den chineál céanna nuair is Príomhúdaráis Maoirseachta iad, mar shampla, an t-údarás maoirseachta I Lucsamburg maidir leis an gcúntóir Alexa ó Amazon.

Tá an Coimisiún ag leanúint le scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna a aithníodh go dtí seo a bhfuil rioscaí cosanta sonraí ag baint leo (mar shampla, taifeadadh gutha, nó easpa trédhearcachta maidir le stóráil sonraí pearsanta nó cuspóir na próiseála) sa teagmháil atá á dhéanamh againn leis na comhlachtaí atá lonnaithe in Éirinn. Admháimid agus cuirimid fáilte roimh na hathruithe atá déanta ag roinnt comhlachtaí chun cúrsaí a dhéanamh níos trédhearcaí d’úsáideoirí maidir leis an cleachtas atá ann ina ndéantar athbhreithniú daonna ar shonraí gutha chun teicneolaíocht cúntóirí gutha a fheabhsú, chomh maith le níos mó rogha úsáideora a chur i bheidhm maidir le húsáid a sonraí ina leithéid de comhthéacsanna.

Mar Phríomhúdarás Maoirseachta, leanann an Coimisiún le comhoibriú lenár gcomhghleacaithe cosanta sonraí san Aontas Eorpach chun réimsí coiteanna imní a aithint. Déanaimid iarracht freisin cén bearta bhreise a bheidh de dhíth chun soiléire breise a chur le feidhmiú riachtanais cosanta sonraí in úsáid teicneolaíochta cúntóirí gutha.