CCTV, Follasú agus Iarrataí Rochtana
10th Mí Feabhra 2021
De réir cinnidh na hArd-Chúirte i mí na Samhna 2020 (Dudgeon v Supermacs Ireland Ltd., [2020] IEHC 600), rialaigh An Breitheamh Barr nach raibh ar bhialann taifeadtaí CCTV ar eachtra a nochtadh le duine a bhí so-aitheanta ar an taifeadadh agus a raibh damáistí á n-éileamh acu le haghaidh gortuithe a tharla mar thoradh ar an eachtra sin. Spreag an cinneadh díospóireacht ar conas a bhféadfadh sé dul i dtionchar ar iarrataí rochtana faoi Airteagal 15 den GDPR agus Alt 91 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, go háirithe nuair a chuimsíonn an t-iarratas taifeadtaí CCTV. Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhaineann cinneadh An Bhreithimh Barr go sonrach le follasú sa dlíthíocht in Éirinn agus maidir leis na cúinsí ar leith a bhaineann leis an gcás seo. Measann an DPC go bhfuil sé tábhachtach aird a tharraingt ar na difríochtaí idir iarrataí rochtana agus follasú i ndlíthíocht shibhialta (is é sin le rá, dlíthíocht neamhchoiriúil).
Is é cuspóir an fhollasaithe ná go bhfaighidh páirtithe i gcás rochtain ar cháipéisí agus ábhair a bhfuil riachtanach chun achoimre chóir a dhéanamh ar na ceisteanna a thagann os cóir ná cúirte. Tá roinnt cosúlachtaí idir follasú agus iarrataí rochtana, mura mbeadh ann ach go bhféadfadh go n-éileoidh sé go ndéanfaidh duine a rialaíonn cáipéisí nó faisnéis a chomhlíonann critéir áirithe nochtadh go bhfuil na cáipéisí nó an fhaisnéis sin ann, agus go dtabharfaidh siad fáil orthu do dhuine eile.
Tá an ceart chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta féin bunaithe ar Airteagal 8(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Foráiltear sa chuid ábhartha den Chairt “Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi”. Leagtar an ceart seo síos chomh maith in Airteagal 15 den GDPR. Baineann an ceart i go leor cúinsí a a dtéann i bhfeidhm ar shaolta saoránach agus áitritheoirí an AE, agus ní gá go mbainfeadh sé nuair atá cás cúirte á meá nó ar siúl.
Tarraingíonn sé seo aird ar dhifríocht thábhachtach idir follasú agus iarrataí rochtana. Mar a luaitear thuas, ní bhaineann follasú ach amháin i ndlíthíocht shibhialta, agus tá fíorchosúlacht idir an dlí a bhaineann leis, agus na rialacha agus na próisis a rialaíonn conas a phléann cúirteanna le cásanna. Os a choinne sin, fiú má tá duine aonair i mbun cáis cúirte nó nach bhfuil, ní bhraitheann an ceart ata aige/acu faoi dlíthe um chosaint sonraí ar nós an GDPR chun rochtain a iarraidh ar a c(h)uid sonraí pearsanta air sin.
Go hachomair, tá cinneadh An Bhreithimh Barr sa chás seo dírithe ar an dlí maidir le follasú agus ní thagraíonn sé agus ní bhaineann sé le cearta cosanta sonraí. Tá feidhm ag an gceart chun rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta fiú má tá duine aonair i mbun dlíthíochta nó nach bhfuil. Mar gheall air sin, fiú más féidir brath ar shrian faoin GDPR nó reachtaíocht ábhartha cosanta sonraí, tá sé fós de dhualgas ar rialatheoir sonraí iarrataí rochtana maidir le scannánaíochta CCTV a chomhlíonadh.
Leanfaidh an DPC le tacaíocht a thabhairt d’ábhair sonraí agus rialaitheoirí chun gach gné den dlí um chosaint sonraí a a chur i bhfeidhm i dtaca leis seo.