Intleacht Shaorga, Samhlacha Teanga Móra agus Cosaint Sonraí

18th Mí Iúil 2024

Le blianta beaga anuas, tháinig Intleacht Shaorga agus, go háirithe, botaí comhrá atá bunaithe ar Intleacht Shaorga Ghiniúnach, chun bheith ina dtáirgí móréilimh ar an Idirlíon, agus is minic a bhíonn siad ar fáil go réidh don phobal. Tríd is tríd, bíonn na córais botaí comhrá sin in ann freagra a thabhairt ar cheisteanna ionchuir nó ar thascanna ionchuir go cruinn toisc go n-úsáidtear iontu samhail bhunúsach a cuireadh faoi phróiseas oiliúna. Is minic a bhíonn an próiseas sin bunaithe ar a lán tacair sonraí mhóra, agus áirítear leo sin in amanna sonraí atá inrochtana don phobal ar an Idirlíon.

Gairtear Samhlacha Teanga Móra de na córais sin, agus is minic a úsáidtear iontu próiseas dá ngairtear Próiseáil Teanga Nádúrtha chun a fhoghlaim conas a úsáidtear urlabhra an duine go nádúrtha agus chun aithris a dhéanamh ar an urlabhra sin [1]. Is féidir Samhlacha Teanga Móra den sórt sin a phacáistiú agus a chur in oiriúint do mhórán cásanna úsáide difriúla, lena n-áirítear comhrá [2]. Is féidir iad a phacáistiú agus a chur in oiriúint do na cásanna úsáide seo a leanas freisin: cuardach Idirlín; scríbhneoireacht chruthaitheach; cabhair le scríbhneoireacht bogearraí; ilmheáin a chruthú; cabhair le scríbhneoireacht aistí; agus freagraí féideartha a thabhairt ar fhadhbanna matamaitice nó eolaíochta, i measc cinn eile.

De bhreis ar chórais samhlacha teanga Intleachta Saorga Giniúnaí, tá a lán córais agus táirgí eile Intleachta Saorga ar fáil lena n-úsáid nó lena gceannach chun cineálacha eile tascanna a chur i gcrích. Áirítear leo sin doiciméid a achoimriú nó eochairfhocail a bhaint; cabhrú le hanailís thionsclaíoch, airgeadais, dhlíthiúil, oideachasúil, miondíola, meán, fógraíochta, liachta nó eolaíoch; agus tascanna atriallacha, simplí nó mórmhéid a dhéanamh.

Is féidir roinnt de na córais Intleachta Saorga sin a speisialú tuilleadh trí iad “a athoiliúint”, trí “chur leo” nó trí iad “a mhionchoigeartú” le tacair sonraí shonracha a bhaineann le tasc ar leith nó le faisnéis ar leith atá agat. Is minic a dhéantar é sin trí tháirgí néalbhunaithe Intleachta Saorga a úsáid nó trí shamhail atá ann cheana a cheadúnú. In amanna, is féidir iad sin a thairiscint freisin do dhaoine eile mar tháirge atá nua ach a bhfuil d’fhaisnéis speisialaithe leabaithe istigh ann anois. Mar gheall ar a n-ilúsáidteacht, d’fhéadfadh na cineálacha teicneolaíochta sin a bheith níos tarraingtí agus níos úsáidí do roinnt daoine aonair sa bhaile nó san áit oibre.

Trí úsáid a bhaint as córais Intleachta Saorga ar an dóigh sin, d’fhéadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil le linn samhail Intleachta Saorga a fhorbairt agus le linn í a úsáid tuilleadh araon. De bhreis air sin, ag brath ar chomhthéacs agus raon feidhme na próiseála sonraí pearsanta, d’fhéadfadh go mbeadh rioscaí gaolmhara ann ar ghá do dhaoine agus d’eagraíochtaí a bheith ar an eolas fúthu ó thús. Áirítear leo sin, mar shampla:

  • D’fhéadfadh go mbeadh claonadh ann méideanna móra sonraí pearsanta a úsáid le linn aon chéimeanna oiliúna, rud a tharlaíonn gan ghá in amanna, gan tú a bheith ar an eolas faoi agus gan comhaontú ná cead a fháil uait ina leith
  • D’fhéadfadh go dtiocfadh fadhbanna duitse nó do dhaoine eile chun cinn as cruinneas nó coinneáil na sonraí pearsanta a úsáidtear (nó a ghintear) – mar shampla, i gcásanna ina n-úsáidtear na haschuir ó chórais Intleachta Saorga mar chuid de phróiseas um chinntí a dhéanamh
  • D’fhéadfadh go dtiocfadh fadhbanna chun cinn duitse dá mba rud é go gcomhroinnfí samhlacha atá bunaithe ar do shonraí pearsanta le daoine eile chun críocha nach bhfuil tú ar an eolas fúthu nó nach n-aontaíonn tú leo nó le daoine nach ndaingníonn na sonraí go cuí
  • D’fhéadfadh sonraí oiliúna atá míchruinn nó neamhiomlán claontaí a chruthú i gcórais Intleachta Saorga duitse nó do dhaoine eile, ar claontaí iad is cúis le cinntí a dhéanann difear do do chearta ar dhóigh éigin
  • I gcás go dtagann sonraí pearsanta nua chun bheith mar chuid de shonraí oiliúna le haghaidh leaganacha mionchoigeartaithe nua de shamhail, d’fhéadfadh sé sin tusa nó daoine eile a fhágáil neamhchosanta ar na cineálacha riosca sin – ar cineálacha riosca iad nach raibh sibh neamhchosanta orthu roimhe sin

Mar sin de, is cuma cé acu is duine aonair thú nó is eagraíocht thú, d’fhéadfadh gur ghá duit a bheith eolach ó thús ar an rud atá á úsáid agat, ar conas a idirghníomhaíonn tú leis agus ar na hiarmhairtí a bheidh aige sin, beag beann ar na torthaí úsáideacha nó cruthaitheacha a d’fhéadfá a fháil mar gheall ar é a úsáid. I gcásanna lena mbaineann sonraí pearsanta, tá feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus ag na rialacháin maidir le cosaint sonraí maidir leis na daoine aonair agus na heagraíochtaí a úsáideann córais Intleachta Saorga agus maidir leis na soláthraithe samhla/táirge. Tá roinnt de na breithniúcháin sin leagtha amach thíos.

Rioscaí don eagraíocht a úsáideann córais Intleachta Saorga

Chun go mbeidh eagraíocht in ann a mheasúnú cé acu is cuí nó nach cuí di táirgí nó córas Intleachta Saorga a úsáid, ní mór na rioscaí a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil ar dhóigh ar bith le córas Intleachta Saorga ar leith a aithint ar dtús chun go mbeidh an eagraíocht in ann a chinntiú go mbeidh an phróiseáil i gcomhréir le RGCS. De thoradh ar an méadú atá tagtha le déanaí ar a n-infhaighteacht agus ar a n-inrochtaineacht, is amhlaidh, maidir le táirgí Intleachta Saorga a oiltear ar shonraí pearsanta nó a gcuireann d’fhoireann sonraí pearsanta isteach iontu, d’fhéadfadh siad a bheith ina rioscaí nua d’eagraíochtaí agus d’ábhair sonraí nach ndearnadh iad a aithint ná a bhreithniú go dtí seo. Is féidir leis na rioscaí sin a bheith éagsúil freisin, ag brath ar cé acu atá tú ag úsáid táirge neamhspleách nó atá tú ag úsáid seirbhís atá nasctha leis an néal nó leis an Idirlíon.

Mar úsáideoir aon táirge Intleachta Saorga a bhíonn ag brath ar shonraí pearsanta, d’fhéadfadh go mbeadh d’eagraíocht ina rialaitheoir sonraí agus, dá mbeadh sí ina rialaitheoir sonraí, ba cheart smaoineamh ar mheasúnú riosca foirmiúil a dhéanamh. Sula dtosaíonn tú ar chóras Intleachta Saorga a úsáid, ba cheart duit tuiscint a ghnóthú ar dtús ar cé na sonraí pearsanta a úsáidtear leis, ar conas a úsáidtear iad leis, ar cá háit a dtéann na sonraí pearsanta i gcásanna ina bhfuil baint ag tríú páirtí leis an bpróiseáil, ar cé acu a choinníonn soláthraí an táirge Intleachta Saorga iad nó a athúsáidtear iad ar dhóigh ar bith, agus ar conas a chumasaítear duit leis an táirge d’oibleagáidí faoi RGCS a chomhlíonadh. Ba cheart go bhfaighfeá an t-eolas sin go soiléir i bhfoirm intuigthe inrochtana sa doiciméadacht uathu.

D’fhéadfadh go n-áireofaí iad seo a leanas le roinnt de na rioscaí a bhaineann le táirgí Intleachta Saorga a úsáid, is cuma cé acu atá siad á soláthar ag tríú páirtí nó atá siad forbartha agus á n-úsáid ag d’eagraíocht féin:

  • Is féidir le rioscaí teacht as próiseáil neamh-inmhianaithe, neamhriachtanach nó neamhthuartha a dhéantar ar shonraí pearsanta a chuirtear isteach i samhail Intleachta Saorga nó a úsáidtear chun samhail den sórt sin a oiliúint nó a mhionchoigeartú. D’fhéadfadh sé sin baint a bheith aige le roinnt prionsabal de RGCS nó difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear prionsabal na dlíthiúlachta, na cothroime agus na trédhearcachta agus prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra, ach gan a bheith teoranta dóibh.
  • Ba cheart duit próisis a chur i bhfeidhm chun cabhrú le feidhmiú na gceart ábhar sonraí a bhaineann leis an gcaidreamh leis na táirgí Intleachta Saorga. Beidh sé sin amhlaidh go háirithe má tá tú ag cur do shonraí pearsanta féin nó sonraí pearsanta daoine eile isteach agus más gá duit a bheith ar an eolas faoi cén áit a bhfuil siad ag dul nó faoi conas atá siad á bpróiseáil. Má iarrann duine éigin ort rochtain ar na sonraí pearsanta a shealbhaíonn tú fúthu laistigh den chóras Intleachta Saorga a thabhairt dóibh nó na sonraí pearsanta sin a scriosadh – an bhféadfaidh tú déanamh amhlaidh?
  • I gcás go bhfuil d’eagraíocht ag úsáid táirge Intleachta Saorga ar sholáthair tríú páirtí é, d’fhéadfadh go mbeadh sé sin mar chúis le rioscaí breise slándála nó le rioscaí eile cosanta sonraí do d’eagraíocht a eascraíonn as úsáid a bhaint as sonraí pearsanta a chuireann d’fhostaithe (nó d’ábhair sonraí) isteach san uirlis Intleachta Saorga. Is gá duit a thuiscint go hiomlán conas a chosnaítear sonraí pearsanta nuair a phróiseálann d’eagraíocht iad agus nuair a thugann tú ordú d’eagraíocht eile iad a phróiseáil thar do cheann.
  • Bíonn ag roinnt samhlacha Intleachta Saorga rioscaí dúchasacha a bhaineann leis an dóigh a bhfreagraíonn siad d’ionchuir nó do “leideanna”, amhail foghlaim de ghlanmheabhair, rud ar féidir leis a chur faoi deara go bhfrithshruthaíonn an táirge sleachta de shonraí oiliúna (pearsanta) de thaisme. Má tá sé sin amhlaidh, d’fhéadfadh go mbeadh d’eagraíocht ag déanamh tuilleadh próiseála ar shonraí a bhaineann le daoine in-sainaitheanta gan choinne nó gan ghá agus, faoi mar atá amhlaidh i gcás oiliúint Intleachta Saorga, is gá duit breithniú a dhéanamh ar d’oibleagáidí faoi RGCS agus ar conas a thacaíonn tú le cearta úsáideora faoi RGCS.
  • In amanna, bíonn táirgí Intleachta Saorga ag brath ar “scagadh” chun a chinntiú nach soláthrófar cineálacha áirithe sonraí (amhail sonraí pearsanta, sonraí míchuí agus sonraí cóipchirt) d’úsáideoir mar fhreagairt do cheist nó do leid. I roinnt cásanna, is féidir ionsaí a dhéanamh ar na scagairí sin agus is féidir dul timpeall orthu chun a chur faoi deara go ndéantar sonraí den sórt sin a chur ar fáil nó a phróiseáil ar dhóigheanna atá neamhbheartaithe, neamhúdaraithe nó neamhdhaingean. Fearacht rioscaí slándála eile a bhaineann le láimhseáil sonraí pearsanta faoi RGCS, is gá duit a thuiscint an bhfuil sé sin indéanta nó nach bhfuil, cá mhéad atá oibleagáid ortsa agus ar do sholáthraí Intleachta Saorga é sin a mhaolú, agus conas a bhaintear an méid sin amach go héifeachtach.
  • Bíonn claonadh i dtáirgí Intleachta Saorga, amhail Samhlacha Teanga Móra, faisnéis atá míchruinn nó claonta a tháirgeadh. Dá mbeifí ag brath ar aschuir na dtáirgí sin gan anailís ná idirghabháil chriticiúil ag an duine, d’fhéadfadh go mbeifeá ag tabhairt rioscaí “cinnteoireachta uathoibrithe” isteach. D’fhéadfadh cinntí atá uathoibrithe go hiomlán dochar a dhéanamh do dhaoine aonair lena mbaineann, d’fhéadfadh siad iarmhairtí suntasacha a bheith acu do na daoine aonair sin nó d’fhéadfadh siad cearta na ndaoine aonair sin a theorannú.
  • Murach sceideal coinneála agus próisis ghaolmhara, tá d’eagraíocht i mbaol gan prionsabal an teorannaithe stórála a chomhlíonadh.
  • Déan breithniú ar cé acu a fhoilsíonn tú sonraí pearsanta ar do shuíomh Gréasáin féin nó nach bhfoilsíonn. D’fhéadfadh go mbeadh na sonraí pearsanta sin ó d’fhoireann nó ó úsáideoirí do shuímh Gréasáin. D’fhéadfadh gur ghá duit a chinntiú go gcosnaíonn tú na sonraí pearsanta sin óna mbailiú agus óna n-úsáid le haghaidh oiliúint Intleachta Saorga nó le haghaidh próiseáil eile i gcás nár chomhaontaigh tú an chríoch sin cheana féin le d’fhoireann nó le d’úsáideoirí, nó mura bhfuil ionchas réasúnach acu go n-úsáidfear iad le haghaidh oiliúint Intleachta Saorga.

Dearthóirí, Forbróirí agus Soláthraithe Táirgí Intleachta Saorga

Má tá sé beartaithe ag d’eagraíocht táirge Intleachta Saorga a chruthú lena n-úsáidtear sonraí pearsanta, má tá sé beartaithe agat an táirge sin a thairiscint do dhaoine eile nó má tá sé beartaithe agat cuspóir táirge Intleachta Saorga atá ann cheana a athrú, is gá duit measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ort maidir le RGCS a chomhlíonadh.

Mar sholáthraí táirgí Intleachta Saorga, d’fhéadfadh go measfaí thú a bheith i do rialaitheoir nó i do phróiseálaí faoi RGCS. Má tá sé sin amhlaidh, ní mór duit a chinntiú go gcomhlíonann tú oibleagáidí iomchuí uile RGCS le linn bhailiú, phróiseáil agus úsáid oibríochtúil an táirge lena n-úsáidtear sonraí pearsanta. De bhreis air sin, i gcás go bhfuil sé beartaithe agat an táirge a cheadúnú nó é a thairiscint mar tháirge neamhspleách lena n-idirghníomhaítear le sonraí pearsanta ar dhóigh ar bith, ba cheart duit a chinntiú fós go n-éascaítear cosaint sonraí le do tháirge ó thaobh a dheartha agus a oibríochta de [3].

Seo thíos roinnt breithniúchán ba cheart duit a chur san áireamh i gcás go bhfuil baint ag do tháirge Intleachta Saorga le sonraí pearsanta:

  • Breithnigh críoch agus spriocanna do phróiseála agus an ann nó nach ann do theicneolaíochtaí nó modhanna eile nach n-úsáidtear Intleacht Shaorga iontu le haghaidh iad a bhaint amach. D’fhéadfadh go mbeadh na roghanna eile sin níos sábháilte nó níos cuí duit.
  • Má tá tú ag cruthú samhail Intleachta Saorga agus ag úsáid sonraí atá inrochtana don phobal, ná déan dearmad go dtagann sonraí pearsanta atá inrochtana don phobal faoi raon feidhme RGCS fós.
  • Má tá tú ag cruthú samhail Intleachta Saorga le sonraí pearsanta a bhailigh tú cheana féin, is gá duit a bhreithniú freisin an dtagann nó nach dtagann aon chríocha próiseála beartaithe faoi raon feidhme an bhunúis dlí atá agat cheana féin.
  • Go háirithe, nuair atá tú á mheasúnú cé chomh riachtanach agus chomh comhréireach agus atá an phróiseáil (mar aon le haon bhailiú sonraí pearsanta, bíodh siad inrochtana don phobal nó ná bíodh), ní mór duit cuntas a thabhairt sna críocha a ndearna daoine a sonraí pearsanta inrochtana don phobal ina leith. Áirítear leo sin a n-ionchais réasúnacha maidir le conas is féidir iad a úsáid, seachas, mar shampla, daoine eile a bheith ag amharc orthu nó á léamh.
  • Nuair atá tú ag úsáid sonraí pearsanta, breithnigh na rioscaí uile lena mbaineann i ndearadh, cruthú agus úsáid iartheachtach do shamhla Intleachta Saorga nó do tháirge Intleachta Saorga. D’fhéadfadh gur ghá measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chuige sin [4], go háirithe i gcás nach bhfuil tú an-chleachta leis an teicneolaíocht nó leis an bpróiseáil, i gcás go bhfuil tú ag comhcheangal tacair sonraí, nó i gcás go bhfuil tú ag úsáid sonraí pearsanta a bhaineann le mionaoisigh nó le daoine leochaileacha den tsochaí nó go bhfuil sé beartaithe agat sonraí na ndaoine sin a úsáid. D’fhéadfadh go mbeifeá den tuairim go mbeadh sé den dea-chleachtas measúnú tionchair den sórt sin a dhéanamh ar scor ar bith.
  • Má bhíonn comhaontuithe comhroinnte sonraí agat le heagraíochtaí eile lena gceadaítear a sonraí pearsanta a úsáid le haghaidh do shamhail a oiliúint nó le haghaidh an tsamhail sin a chomhroinnt nó a cheadúnú, ní mór duit a chinntiú go bhfuil bunús dlí agat leis na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ar an dóigh sin, agus a chinntiú gur cothrom agus trédhearcach a bheidh an phróiseáil.
  • Chomh maith le hoibleagáidí cosanta sonraí, d’fhéadfadh go mbeadh ort breithniú a dhéanamh ar oibleagáidí eile amhail cóipcheart, sábháilteacht agus slándáil.
  • Breithnigh an ceanglas le bheith trédhearcach leis na hábhair sonraí a bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil agat nó a bhfuil a sonraí pearsanta próiseáilte agat cheana féin agus inis dóibh cén phróiseáil atá á déanamh agat, conas atá sí á déanamh agat agus conas is féidir leo a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú. Áirítear leo sin an ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartú agus an ceart go ndéanfaí léirscriosadh. Ní mór breithniú a dhéanamh chomh luath agus is féidir san fhorbairt ar an gcumas chun seasamh leis na cearta sin go héifeachtach.
  • Breithnigh conas a chomhlíonann tú prionsabal an teorannaithe stórála maidir le haon sonraí pearsanta a phróiseálann tú chun do chóras, táirge nó samhail Intleachta Saorga a tháirgeadh.
  • Déan meastóireacht ar na hiarmhairtí agus na tionchair má roghnaíonn tú na samhlacha a dhéanann tú a chomhroinnt nó má roghnaíonn tú iad a chur ar fáil mar tháirge lena úsáid ag daoine eile. Breithnigh conas a dhéanann sé sin difear do na hoibleagáidí atá ort faoi RGCS, do na hoibleagáidí atá ar dhaoine eile (de réir Aithris 78 RGCS) agus do conas a dhéantar cearta ábhar sonraí a urramú agus a bhaint amach.
  • Breithnigh conas a dhéanann tú do tháirge Intleachta Saorga/do shamhlacha Intleachta Saorga agus aon sonraí pearsanta gaolmhara a dhaingniú agus a chosaint. Déan amhlaidh agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: conas a úsáidtear iad, idir úsáid údaraithe agus úsáid neamhúdaraithe; aon iarmhairtí neamhbheartaithe féideartha; aon úsáid nó idirghníomhaíocht mhailíseach; aon tionchair atá níos leithne ná mar a beartaíodh leis an dearadh tosaigh nó aon teorannuithe dúchasacha atá ag do tháirge.
  • Mar rialaitheoir nó mar phróiseálaí, cinntigh go bhfuil rialuithe cuí i bhfeidhm agat le haghaidh rialachas, dearadh, beartas agus cinnteoireacht sonraí pearsanta agus i gcás go bhféadfadh go ndéanfadh torthaí ar phróiseáil Intleachta Saorga difear do na cearta agus na saoirsí atá ag ábhair sonraí, de réir cheanglais chuntasachta RGCS

 


[1] Mar a luaigh ISO: “Trí shamhlacha staidrimh, meaisínfhoghlaim agus rialacha teangeolaíocha a úsáid, cumasaítear do ríomhairí le Próiseáil Teanga Nádúrtha tascanna amhail anailís seintimintí, rangú téacs, aistriúchán uathoibríoch agus forbairt botaí comhrá, i measc tascanna eile, a chur i gcrích.” ISO - Unravelling the secrets of natural language processing.

[2] Dá ngairtear comhéadan “leide” go minic.

[3] De réir Aithris 78 RGCS.

[4] Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Tabhair faoi deara go mbíonn measúnuithe den sórt sin éigeantach in amanna. Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil anseo.