An tEolas is Deireanaí ón gCoimisiún maidir le hImscrúdú Prime Time RTÉ

26th Mí Meán Fomhair 2025

Agus úsáid á baint aige as a chumhachtaí reachtúla, fuair an Coimisiún an tseachtain seo céannacht an dá chuideachta agus an tacar sonraí a bhí i gcroílár chlár Prime Time RTÉ Déardaoin seo caite. 

Tá ceann de na cuideachtaí lonnaithe in Éirinn, agus d’fhreastail an Coimisiún ar oifig i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo ina leith.

Tá an dara cuideachta lonnaithe i dtír eile AE, agus tá an Coimisiún ag déanamh caidreamh leis an Údarás Cosanta Sonraí AE iomchuí.

Tá imscrúdú an Choimisiúin ar an ní ar siúl.