An tEolas is Deireanaí Fós ón gCoimisiún maidir le hImscrúdú Prime Time RTÉ

06th Mí Deireadh Fomhair 2025

Tá an Coimisiún tar éis dul i dteagmháil leis an mbróicéir sonraí Éireannach a ndearnadh tagairt dó i gclár Prime Time RTÉ le déanaí a craoladh an 18 Meán Fómhair 2025. Arna iarraidh sin don Choimisiún, dheimhnigh an chuideachta go ndearna sí gach seirbhís a bhaineann le sonraí suímh a bhaineann le húsáideoirí Éireannacha a chur ar fionraí ar feadh 28 lá ar a laghad. Tá ár dteagmháil leis an gcuideachta ar siúl fós agus táimid ag fáil tuilleadh faisnéise lena dtreorófar tuilleadh gníomhaíocht rialála.

Ina theannta sin, tá an Coimisiún tar éis dhá chuideachta atá lonnaithe in dhá bhallstát eile AE a shainaithint. Táimid ag déanamh caidreamh le húdaráis cosanta sonraí na mballstát sin atá inniúil chun na cuideachtaí sin a rialáil.

Ar deireadh, ó craoladh an clár Prime Time i leith, tá roinnt tráchtaireacht phoiblí déanta maidir leis an gcóras Tairisceana Fíor-Ama (RTB) a bhaineann le fógraíocht iompraíochta ar líne. Cé nach labhraíonn an Coimisiún faoi fhiosrúcháin atá ar siúl de ghnáth, is amhlaidh, i bhfianaise leas suntasach an phobail, ba mhaith linn a dheimhniú nach ndéantar leis an gcóras RTB atá ar an ábhar d’fhiosrúchán reachtúil atá á dhéanamh ag an gCoimisiún aon sonraí suímh beachta a nochtadh do thríú páirtithe.