Seolann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán ar Twitter maidir le tacair sonraí

23rd Mí na Nollag 2022

Sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) fiosrúchán dá dheoin féin inniu de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (‘an tAcht’), i ndáil le roinnt tuairiscí sna meáin idirnáisiúnta inar léiríodh gur cuireadh ceann amháin nó níos mó de thacair sonraí thiomsaithe de shonraí pearsanta úsáideoirí Twitter ar fáil ar an Idirlíon. Tuairiscíodh go raibh sna tacair sonraí sin sonraí pearsanta a bhaineann le thart ar 5.4 milliún úsáideoir Twitter ar fud an domhain. Tuairiscíodh gur léarscáilíodh leis na tacair sonraí faisnéis aitheantais Twitter le seoladh ríomhphoist agus/nó uimhir theileafóin na n-ábhar sonraí gaolmhar. Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le Twitter International Unlimited Company (‘TIC’) i ndáil le sárú sonraí pearsanta ar tugadh fógra faoi. Maíonn TIC gurbh ionann an sárú sin agus an leochaileacht foinse a úsáideadh chun na tacair sonraí a ghiniúint agus a chaith amhras ar chomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Rinne TIC idirchaidreamh leis an gCoimisiún agus thug sé roinnt freagraí ina dhiaidh sin.

Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas ó TIC maidir leis an ní seo go dtí seo, tá an Coimisiún den tuairim gur féidir gur sáraíodh foráil amháin nó níos mó den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus/nó den Acht i ndáil le sonraí pearsanta úsáideoirí Twitter agus/nó gur féidir go bhfuil foráil amháin nó níos mó díobh á sárú faoi láthair.

Dá réir sin, measann an Coimisiún é a bheith iomchuí a chinneadh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon TIC na hoibleagáidí atá air mar rialaitheoir i ndáil le sonraí pearsanta a úsáideoirí a phróiseáil nó cé acu a sháraigh nó nár sháraigh TIC aon fhorálacha den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus/nó den Acht ina leith sin nó cé acu atá nó nach bhfuil aon fhorálacha den sórt sin á sárú ag TIC faoi láthair.