Seolann an Coimisiún fiosrúchán ar FSS

29th Mí Bealtaine 2024

Baineann an Fiosrúchán ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le stóráil agus coinneáil sonraí pearsanta atá i dtaifid pháipéir a shealbhaíonn FSS trína shaoráidí seachtracha stórála a úsáid agus le sáruithe slándála ar thug FSS fógra don Choimisiún um Chosaint Sonraí fúthu. Bhain na Sáruithe ar tugadh fógra don Choimisiún fúthu le dhá láthair shonracha a bhfuair tríú páirtithe neamhúdaraithe rochtain orthu agus le scaipeadh físeán a tógadh ó na láithreacha sin ina léirítear taifid leighis pháipéir atá lonnaithe ag na saoráidí sin.