Síníonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí agus Coimisiún na Meán Comhaontú Comhoibrithe agus eisíonn siad Ráiteas Comhpháirteach maidir le Leanaí
16th Mí Deireadh Fomhair 2025

Shínigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) Comhaontú Comhoibrithe le Coimisiún na Meán inniu. D’eisigh CCS agus Coimisiún na Meán ráiteas comhpháirteach freisin ina gcuireann an dá rialálaí in iúl an tiomantas atá acu sábháilteacht leanaí agus cosaint a sonraí pearsanta ar líne a chur chun cinn.
Comhaontú Comhoibrithe
Tá rún daingean ag CCS agus ag Coimisiún na Meán araon caidreamh oibre éifeachtach a chothú, trí chultúr comhair agus comhoibrithe a chur chun cinn idir an dá eagraíocht. Is é an cuspóir comhroinnte atá leis an gComhaontú dlúthchaidreamh oibre a chumasú idir CCS agus Coimisiún na Meán, lena n-áirítear trí chomhroinnt chuí faisnéise, agus is léiriú é ar an intinn atá againn comhoibriú go réamhghníomhach le chéile i leith nithe comhleasa. Tá an comhaontú sínithe ag Des Hogan, Dale Sunderland agus Niamh Sweeney, Coimisinéirí Cosanta Sonraí, agus ag Niamh Hodnett (Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne) agus John Evans (Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha) ó Choimisiún na Meán.
Ag labhairt dóibh ag síniú an Chomhaontaithe níos luaithe inniu, dúirt na Coimisinéirí ó CCS: “Tá an lá inniu ina chloch mhíle shuntasach maidir leis an tiomantas atá ag CCS do chomhoibriú idir-rialála. Mar rialálaithe sa spás digiteach, tá sé ríthábhachtach go n-oibreoimis go han-dlúth lenár gcomhghleacaithe i gCoimisiún na Meán ar réimsí ina bhfuil forluí idir-rialála ann chun a chinntiú go gcomhroinnimid saineolas agus go nglacaimid cur chuige comhtháite comhleanúnach i leith rialála.”
Ráiteas Comhpháirteach maidir le Leanaí a Chosaint
Rinne CCS agus Coimisiún na Meán ráiteas comhpháirteach maidir le “Sábháilteacht leanaí agus cosaint a sonraí pearsanta ar líne a chur chun cinn” a fhoilsiú inniu freisin. Léirítear sa ráiteas sin tiomantas comhroinnte dá chinntiú go n-urramaíonn na seirbhísí ar líne a rialálann CCS agus Coimisiún na Meán araon iad cearta agus leas leanaí agus go seasann siad leo.
Cé gur féidir go mbeidh dúshláin ag baint le cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint sonraí agus sábháilteacht ar líne, is comhoiriúnach le chéile atá cosaint sonraí trí dhearadh agus sábháilteacht trí dhearadh. Tá rún daingean ag CCS agus ag Coimisiún na Meán comhoibriú le chéile chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí na hardchaighdeáin cosaintí a thuilleann siad.
Dúirt na Coimisinéirí ó CCS freisin:
“Tuilleann leanaí cosaint shonrach i ngach gné den saol, lena n-áirítear an domhan ar líne. Is é atá i gceist le leanaí a chosaint ar líne ná a chinntiú go n-úsáidtear a sonraí pearsanta go sábháilte, go freagrach agus chun a leasa i ngach cás. Tá rún daingean ag CCS obair i gcomhar le Coimisiún na Meán chun seasamh le caighdeáin láidre lena gcosnaítear cearta leanaí sa timpeallacht dhigiteach, áit a bhfuil cosaint sonraí agus sábháilteacht ar líne ionsuite ó thús.”
Comhaontú Comhoibrithe idir CCS agus Coimisiún na Meán
Ráiteas Comhpháirteach ó CCS agus ó Choimisiún na Meán maidir le Leanaí
Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí agus Coimisiún na Meán araon ina mbaill de Ghrúpa Rialálaithe Digiteacha na hÉireann. D’fhoilsigh an grúpa an ‘Treoir Ghearr maidir le Rialáil Dhigiteach’ le déanaí.