Seolann an Coimisiún um Chosaint Sonraí Fiosrúchán ar Shamhail Intleachta Saorga Google
12th Mí Meán Fomhair 2024
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) inniu go bhfuil sé tar éis tús a chur le fiosrúchán reachtúil trasteorann[1] ar Google Ireland Limited (Google) faoi alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Baineann an fiosrúchán reachtúil le cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Google aon oibleagáidí a bhí air measúnú a dhéanamh de bhun Airteagal 35[2] den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí), sular thosaigh sé ag próiseáil sonraí pearsanta ábhar sonraí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun Pathways Language Model 2 (PaLM 2), an tSamhail bhunúsach Intleachta Saorga dá chuid, a fhorbairt.
I gcás go gceanglaítear é a dhéanamh, tá ról ríthábhachtach ag Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí[3] maidir lena chinntiú go ndéantar cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a bhreithniú agus a chosaint ar bhealach leordhóthanach nuair is dóigh go dtiocfaidh ardriosca as próiseáil sonraí pearsanta.
Tá an fiosrúchán reachtúil seo mar chuid de na móriarrachtaí atá ar bun ag an gCoimisiún, ag obair dó i gcomhar lena chomhrialálaithe san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chun rialáil a dhéanamh ar an dóigh a bpróiseáiltear sonraí pearsanta ábhar sonraí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch le linn samhlacha agus córais intleachta saorga a fhorbairt.
[1] Ciallaíonn próiseáil trasteorann ceann acu seo:
- próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin; nó
- próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstaintiúil aici ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó ar dóchúil go mbeidh éifeacht shubstaintiúil aici orthu.
[2] Foráiltear le hAirteagal 35 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) go gceanglaítear Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a dhéanamh i gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine aonair de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n-úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh. Tá Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí ina phróiseas tábhachtach maidir le comhlíonadh a chothú agus a léiriú, ar próiseas é lena gcinntítear go sainaithníonn rialaitheoirí sonraí aon rioscaí cosanta sonraí a eascraíonn as aon chineál próiseála a bhfuil ardriosca ag baint leis agus go maolaíonn siad na rioscaí sin. Tá sé mar aidhm leis a chinntiú, i measc nithe eile, go bhfuil an phróiseáil riachtanach agus comhréireach agus go bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm i bhfianaise na rioscaí atá ann.
[3] Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cheanglais maidir le Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí, féach ár leathanach treorach: Bí ar an eolas faoi d’oibleagáidí - Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí.