Seolann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán ar Phróiseas Fíorúcháin Custaiméirí Ryanair
04th Mí Deireadh Fomhair 2024
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí inniu go bhfuil sé tar éis fiosrúchán a oscailt ar an bpróiseáil a dhéanann Ryanair ar shonraí pearsanta mar chuid de na Próisis Fíorúcháin Custaiméirí do chustaiméirí a chuireann eitiltí Ryanair in áirithe trí shuíomhanna Gréasáin tríú páirtí nó trí Ghníomhairí Taistil Ar Líne.
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí roinnt gearán maidir leis an gcleachtas atá in úsáid ag Ryanair ina n-iarrann Ryanair fíorú aitheantais breise ar chustaiméirí a chuireann ticéid taistil in áirithe trí shuíomhanna Gréasáin tríú páirtí, in ionad iad a chur in áirithe go díreach ar shuíomh Gréasáin Ryanair. D’fhéadfadh na modhanna fíorúcháin sin sonraí bithmhéadracha a áireamh [1].
Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí: “Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí lear gearán ó chustaiméirí Ryanair ar fud AE/LEE ar ceanglaíodh orthu, tar éis dóibh a n-eitiltí a chur in áirithe, dul faoi phróiseas fíorúcháin. Ar na modhanna fíorúcháin a d’úsáid Ryanair bhí úsáid a bhaint as teicneolaíocht aghaidh-aitheanta ina n-úsáidtear sonraí bithmhéadracha custaiméirí. Breithneofar san fhiosrúchán seo cé acu a chomhlíonann an úsáid a bhaineann Ryanair as a mhodhanna fíorúcháin RGCS nó nach gcomhlíonann.”
An cinneadh chun an fiosrúchán a sheoladh faoi alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 [2], rud a rinne an Dr Des Hogan agus Dale Sunderland, na Coimisinéirí Cosanta Sonraí, cuireadh in iúl do Ryanair é ní ba luaithe sa tseachtain. Tá an fiosrúchán de chineál trasteorann[3] agus breithneofar ann cé acu a chomhlíon Ryanair na hoibleagáidí éagsúla atá air faoi RGCS, lena n-áirítear dlíthiúlacht agus trédhearcacht na próiseála sonraí, nó nár chomhlíon.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
[1] Airteagal 4(14) RGCS
Ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha.
[2] Alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018:
Féadfaidh an Coimisiún fiosrúchán a sheoladh i dtaobh sárú amhrasta ar achtachán iomchuí
(1) Féadfaidh an Coimisiún, cibé acu chun críoch alt 109(5)(e), alt 113(2), nó dá dheoin féin, chun a fháil amach an bhfuil sárú tarlaithe nó ag tarlú, a chur faoi deara cibé fiosrúchán is cuí leis a sheoladh chun na críche sin.
(2) Féadfaidh an Coimisiún, chun críocha fho-alt (1), más cuí leis déanamh amhlaidh, go háirithe, ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:
(a) a chur faoi deara aon chumhachtaí dá chuid faoi Chaibidil 4 (seachas alt 135) a fheidhmiú;
(b) a chur faoi deara imscrúdú faoi Chaibidil 5 a dhéanamh.
[3] Airteagal 4(23) RGCS
Ciallaíonn próiseáil trasteorann ceann acu seo:
- próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochtaí i níos mó ná Ballstát amháin de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin; nó
- próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaí san Aontas ach a bhfuil éifeacht shubstaintiúil aici ar ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin nó ar dóchúil go mbeidh éifeacht shubstaintiúil aici orthu.
Faisnéis Bhreise:
Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Príomhúdarás Maoirseachta i gcás inarb amhlaidh a tharlaíonn próiseáil trasteorann ar ábhair sonraí AE/LEE agus atá a príomhbhunaíocht lonnaithe in Éirinn ag cuideachta.
I dTuairim 11/2024 a d’eisigh sé le déanaí, mheabhraigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí conas atá rioscaí ardaithe do chearta agus saoirsí ábhar sonraí i gceist le húsáid sonraí bithmhéadracha, agus go háirithe le húsáid teicneolaíochta aghaidh-aitheanta. Dá réir sin, ní mór, i dtuairim an Bhoird, an tionchar ar na cearta agus saoirsí bunúsacha sin a chur san áireamh go cúramach i gcomhthéacs aon úsáide a bhaintear as teicneolaíochtaí den sórt sin.