Ráiteas an DPC ar thuairim an AG maidir le cás # C-311/18 CJEU

19th Mí na Nollag 2019

Fáiltíonn an DPC roimh fhoilsiú thuairim an AG maidir le cás # C-311/18 CJEU. Léiríonn an tuairim leibhéil na gcastachtaí a bhaineann leis na cineálacha saincheisteanna a thagann chun cinn nuair a bhíonn baint ag dlíthe cosanta sonraí an AE le dlíthe an tríú tír, dlíthe na Stát Aontaithe san áireamh. Ar an dóigh chéanna, aithnítear sa chéad chuid den tuairim na teannais shuntasacha a thagann chun cinn idir, ar thaobh amháin, an gá atá ann réadúlacht a léiriú, agus ar an taobh eile, "an gá atá ann bunluachanna a aithnítear in orduithe dlí an Aontais agus ballstát de chuid an Aontais a mhaíomh, agus go háirithe, sa Chairt."

Baineann cuid de na pointí castachta atá á bplé anseo le hábhair an bhoinn. Chun trí shampla a thabhairt: an bhfuil feidhm ar bith ag dlí an AE nuair atá sonraí pearsanta ábhair sonraí á bpróiseáil ag údaráis phoiblí sa tríú tír (creideann an AG go bhfuil); an éascaíonn dlíthe agus nósanna imeachta SA sáruithe ar chearta cosanta sonraí daoine aonair nach réitíonn le dlí an AE (éascaíonn, dar leis an AG); agus an réitíonn Sciath Phríobháideachais na fadhbanna sin (ní réitíonn, dar leis an AG).

Ar leithligh, tugann an tuairim ar aird go bhféadfadh sé nach dtabharfadh clásail chonarthacha chaighdeánacha, i gcásanna aonair, freagra fosta ar na fadhbanna a thagann chun cinn nuair thugann aistrithe sonraí saoránaigh de chuid an AE faoi shainchúram na n-údarás poiblí san SA. Léirítear na castachtaí a bhaineann le nós imeachta ag an bpointe seo. Go sainiúil, cé a cheart idirghabháil a dhéanamh, i gcomhthéacs aistriú aonair, sa chás nach féidir an leibhéal cosanta a éilítear faoi dhlí an AE a chothabháil? Sa chás seo, cé go n-aithnítear na fabhtanna, agus na deacrachtaí praiticiúla a léiríonn sé, agus in ainneoin an bhaoil scoilte i measc údaráis maoirseachta atá ann sna ballstáit, cinneann an AG go mbaineann an cur chuige atá socraithe ag an AE i gcomhthéacs na SCCanna cothromaíocht chuí idir réadúlacht agus prionsabal a bhaint amach. Is ionann an cur chuige sin agus cur chuige ina leagtar an fhreagracht i ndáil le cearta cosanta sonraí shaoránaigh de chuid an AE a chosaint ar rialaitheoirí sa chéad ásc, agus i bhfianaise an AG, ar údaráis maoirseachta náisiúnta i gcás go dteipeann ar an rialaitheoir a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

Cé go dtugtar ar aird nach bhfuil cinneadh déanta fós ag an gCúirt maidir leis na saincheisteanna seo, fáiltíonn an DPC roimh an soiléireacht atá tugtha ar an anailís atá i dtuairim an AG.