Osclaíonn an DPC fiosrúchán ar phróiseáil sonraí ag an Roinn Sláinte

30th Mí Márta 2021

D’oscail an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) fiosrúchán reachtúil faoi Alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, ag eascairt ón gclár Prime Time ar RTÉ an Déardaoin seo caite maidir le próiseáil a rinne an Roinn Sláinte ar shonraí pearsanta leanaí a bhfuil uathachas orthu agus a raibh baint acu le caingne dlí in aghaidh an Stáit. Scrúdóidh an fiosrúchán ar chomhlíon nó nár chomhlíon an Roinn Sláinte a hoibleagáidí maidir leis an bpróiseáil seo agus déanfaidh sé cinneadh an ndearna an Roinn Sláinte aon fhorálacha de na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus/nó den GDPR a shárú sa chomhthéacs sin. Tá foireann Oifigigh Údaraithe ceaptha ag an gCoimisiún chun an fiosrúchán a dhéanamh.