Osclaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí imscrúdú ar X (XIUC)

17th Mí Feabhra 2026

D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) inniu go bhfuil sé tar éis fiosrúchán a oscailt ar X Internet Unlimited Company (XIUC) faoi alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.

Baineann an fiosrúchán le híomhánna dlúthphearsanta agus/nó gnéasaithe a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus neamhthoiliúil agus ina bhfuil sonraí pearsanta de chuid ábhar sonraí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, leanaí san áireamh, nó a bhfuil próiseáil sonraí pearsanta den sórt sin i gceist leo ar shlí eile, a chruthú agus a fhoilsiú, de réir dealraimh, ar ardán X, trí úsáid a bhaint as feidhmiúlacht intleachta saorga giniúna a bhaineann le samhail mhór teanga Grok laistigh d’ardán X.

Cuireadh an cinneadh chun an fiosrúchán a thosú in iúl do XIUC Dé Luain an 16 Feabhra. Is é an cuspóir atá leis an bhfiosrúchán ná a chinneadh ar chomhlíon XIUC na hoibleagáidí atá air faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, lena n-áirítear na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 5 (prionsabail a bhaineann le próiseáil), Airteagal 6 (dleathacht na próiseála), Airteagal 25 (Cosaint Sonraí trí Dhearadh agus mar Réamhshocrú) agus Airteagal 35 (an ceanglas atá ann Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a dhéanamh), a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta de chuid ábhar sonraí san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a phróiseáil.

Agus tús an fhiosrúcháin á fhógairt aige, dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir:

“Tá an Coimisiún i dteagmháil le XIUC ó tháinig na chéad tuairiscí sna meáin chun cinn roinnt seachtainí ó shin maidir leis an gcumas líomhnaithe atá ag úsáideoirí X an cuntas @Grok ar X a úsáid chun íomhánna gnéasaithe d’fhíordhaoine, leanaí san áireamh, a ghiniúint. Mar Phríomhúdarás Maoirseachta do XIUC ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, tá an Coimisiún tar éis fiosrúchán mórscála a thosú ina scrúdófar a mhéid a chomhlíon XIUC roinnt de na hoibleagáidí bunúsacha atá air faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i ndáil leis na nithe atá i gceist.”