Freagra an DPC ar Uiríll a Fuarthas ón Seanadóir Malcolm Byrne ar an 7 Deireadh Fómhair 2020
10th Mí Deireadh Fomhair 2020
Bheinn buíoch dá bhféadfá cuntas a thabhairt dom ar na cúiseanna nach mbeidh an DPC ag clúdach na costais a bhaineann leis an gcás Schrems ll?
Freagra
Mar a tharlaíonn i ngach cás, is ceist don chúirt é leithdháileadh freagrachta maidir leis na costais a thabhaigh na páirtithe le linn an cháis. Tá a gcuid aighneachtaí féin curtha faoi bhráid na cúirte ag na páirtithe, agus táthar ag fanacht anois le rialú.
D’fhonn díriú ar bhunábhar d’uiríll, áfach, d’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair d’aird a dhíriú ar na pointí seo a leanas maidir leis an dlíthíocht.
Cuspóir na n-imeachtaí – tagairt a fháil don CJEU
Tá sé glactha ag páirtithe uile sa chás gur dlíthíocht neamhghnách a bhí anseo, sa mhéid gurbh é cuspóir imeachtaí na hArdchúirte a thóg an DPC a bheith dírithe go sonrach air (agus dírithe amháin air) tagairt a fháil don CJEU, má bhí an imní chéanna ar an gCúirt is a bhí ar an DPC faoi aistrithe sonraí EU-US faoi Bheartais Chonarthacha Chaighdeánacha Choimisiún an AE, nó SCCanna. Ba ghá don DPC na himeachtaí dlí sin a thionscnamh i bhfianaise rialú an CJEU i mí Dheireadh Fómhair 2015 sa chás réamhtheachtaí, Schrems Vs an Coimisinéir Cosanta Sonraí. Chuir an rialú sin in iúl má tá amhras ar údarás maoirseachta um chosaint sonraí maidir le bailíocht ionstraim dlí an AE, ní mór dó dul i mbun imeachtaí dlí os comhair a chúirteanna náisiúnta agus tagairt a lorg don CJEU sa chaoi dá réir sin go mbeidh an CJEU ábalta rialú ar an gceist. Is é sin go beacht a rinne an DPC sa chás atá faoi chaibidil, áit ar aithin an DPC fadhb struchtúrach níos leithne, a bhaineann le hábhair sonraí go ginearálta ina imscrúdú de ghearán Max Schrems in aghaidh Facebook. Dá bhrí sin bhí sé riachtanach go ndéanfadh an DPC na himeachtaí dlí a thionscnamh, neamhspleách ar ghearán faoi leith an ghearánaigh in aghaidh Facebook, ach ar an tuiscint go mbeadh baint dhíreach ag toradh na n-imeachtaí dlí ar réiteach ghearán an ghearánaigh.
Níl agairt déanta ag an DPC ar an ngearánach
Tá an-bhéim curtha ar ainmniú Facebook agus an ghearánaigh mar “chosantóirí” sa chás. Rinne an DPC an beart sin, ní mar gur lorgaíodh aon ordú nó faoiseamh in aghaidh na bpáirtithe sin (níor lorgaíodh), ach go bunúsach mar gur riachtanas é a bhain le meicníocht maidir le nós imeachta lenar tionscnaíodh na himeachtaí dlí chun “gearánaí” agus “cosantóirí” a aithint.
Maidir leis sin, is amhlaidh nach bhfuil aon nós imeachta faoi leith leagtha síos i ndlí na hÉireann chun tógáil na foirme iarratais a d’éiligh an CJEU ina bhreithiúnas in 2015 maidir le Schrems Vs an Coimisinéir Cosanta Sonaí a éascú. Dá réir sin, ba ghá leis an DPC imeachtaí dlí iomlánacha caighdeánacha a úsáid os comhair na hArdchúirte.
Sa chomhthéacs sin, tá an t-áitiú go ndearna an DPC “agra” ar an ngearánach míchruinn. Níor lorgaíodh aon orduithe in aghaidh an ghearánaigh, ná ní raibh sé de dhualgas air a bheith rannpháirteach sna himeachtaí dlí, a léiríonn tuairim sheasmhach an DPC nach raibh gá lena rannpháirtíocht, go háirithe áit a raibh an cás dírithe, ní ar chúinsí ar leith an ghearánaigh, ach dírithe ar rialú ón CJEU a fháil ar cheisteanna prionsabail a fheidhmíonn go ginearálta, a léiríonn gné struchtúrach na faidhbe a bhí aitheanta ag an DPC.
Trí Facebook agus an gearánach a bheith páirteach sa chás, thug an DPC deis do na páirtithe sin a bheith rannpháirteach sa phlé a bhí ar na ceisteanna ar fad a bhí os comhair na cúirte, dá mba mhian leo é sin a dhéanamh. Tá sé tábhachtach a rá arís, áfach, nach raibh sé de dhualgas ar cheachtar den dá pháirtí a bheith rannpháirteach, sna himeachtaí dlí a bhí os comhair na hArdchúirte, ná sna himeachtaí dlí a bhí os comhair an CJEU.
Thug an Ardchúirt aitheantas sonrach ina bhreithiúnas ar an seasamh a bhfuil cur síos déanta air anois díreach, áit a ndúirt siad an méid seo a leanas: “Níl faoiseamh á lorg ag an DPC in aghaidh ceachtar den dá pháirtí. Rinne sí páirteach iad mar chosantóirí ós rud é gurbh iad ba mhó a raibh baint acu leis na ceisteanna sa chaoi go nglacfadh siad páirt iomlán sna himeachtaí dlí. Tá sé sin déanta acu beirt.”
Riosca maidir le costais
Agus é ar an eolas go mbainfeadh riosca maidir le costais lena rannpháirtíocht ghníomhach i gcás a bhain le leasanna ábhar sonraí go ginearálta, thug an gearánach iarratas agus an cás ag tosú áit ar iarr sé ar an gCúirt ordú a dhéanamh le hordú a thabhairt don DPC a rannpháirtíocht sa chás a mhaoiniú, nó, mar mhalairt air sin, é a chosaint ar an riosca go ndéanfaí ordú costais ina aghaidh ag deireadh an cháis. Níor lean an gearánach leis an iarratas sin, sa deireadh. Dheimhnigh an DPC ag an gcuid luath sin den chás, áfach, nach lorgódh sé aon chostais a fháil ar ais ón ngearánach dá ndéanfadh sé cinneadh a bheith rannpháirteach sa chás ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Rinne Facebook amhlaidh. Chuir sé sin leibhéal bunúsach de chosaint maidir le costais ar fáil don ghearánach ag dul isteach sa chás é féin. Bhí sé de leas aige freisin an cheist maidir le costais a shoiléiriú sular thabhaigh an gearánach aon chostais shuntasacha agus ag an bpointe go raibh sé ag glacadh cinnidh an dtapódh nó nach dtapódh sé an deis a bheith rannpháirteach i gcás nár bhain go díreach lena leasanna pearsanta agus, más amhlaidh go raibh, cé chomh mór a bheadh a rannpháirtíocht.
Chun amhras a sheachaint, bhí agus tá go fóill, an ceart atá ag aon ghearánach go ndéileálfadh an DPC le haon ghearáin, “saor in aisce”, coinnithe go hiomlán.
Cinneadh an ghearánaigh an deis a thapú a bheith rannpháirteach sa chás
Sa chás seo, rinne an gearánach cinneadh a bheith rannpháirteach, go hiomlán agus go gníomhach, os comhair na hArdchúirte agus, go leithleach, os comhair an CJEU.
Éisteacht maidir le costais
Maidir leis na haighneachtaí a rinneadh thar ceann an DPC ag an éisteacht maidir le costais ar an ábhar sin i mí Dheireadh Fómhair 2020, b’fhéidir go mba mhaith leat na pointí seo a leanas a nótáil.
Is é seasamh an DPC go bhfuil sé i dteideal a chostais a fháil ar ais uaidh Facebook ar an mbunús gur chuir Facebook i gcoinne dhéanamh na tuairisce go mírathúil, san Ardchúirt agus, ar achomharc, sa Chúirt Uachtarach. Nuair a rinneadh an tagairt mar is cuí, chaill Facebook ar phointí bunúsacha de dhlí an AE arna gcinneadh ag an CJEU (sheas an CJEU leis na pointí a ndearna an DPC argóint ar a son).
Níl an DPC ag lorg aon chostais a fháil ar ais ón ngearánach.
Is é tuairim an DPC, bunaithe ar na cúiseanna atá thuasluaite, go mba cheart do Facebook, agus ní an DPC, costais an ghearánaigh a íoc chomh maith.
Mar atá idir an DPC agus an gearánach
Tá sé tábhachtach a mheabhrú arís gurbh é an cuspóir a bhí leis an gcás a tugadh chun na hArdchúirte ná tagairt a fháil don CJEU agus ní chun cuireadh a thabhairt don chúirt cinntí diúltacha a dhéanamh le Facebook nó leis an ngearánach.
Baineann sé le hábhar chomh maith a nótáil gurbh í an Ardchúirt an fóram ab oiriúnaí ina bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar shubstaint na gceisteanna fíorasacha agus dleathacha a bhí idir chamáin agus cinntí a rinneadh maidir le dlí SAM, mar shampla. Maidir leis sin, glaodh ar chúig shaineolaí ar dhlí SAM ar an iomlán le fianaise a thabhairt os comhair na hArdchúirte, áit a ndearnadh an fhianaise sin a thástáil go mion trí chroscheistiú, ónar tháinig cinntí tábhachtacha ón mBreitheamh Costello (agus a raibh an CJEU ag brath orthu).
San Ardchúirt, d’áitigh an gearánach (agus Facebook) nach raibh gá le tagairt agus go raibh an dlí chomh fada is a bhain sé le haistrithe sonraí an AE-SAM go han-soiléir cheana féin. Ag diúltú d’argóintí an ghearánaigh, dheimhnigh an Ardchúirt go raibh an imní chéanna uirthi is a léirigh an DPC maidir le haistrithe sonraí an AE-SAM agus d’aontaigh sé an tagairt a dhéanamh ar an mbunús sin.
Faoi réir an phointe thábhachtaigh sin, agus cé go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé seo ionadh ar go leor daoine, bhí an DPC agus an gearánach ar an taobh céanna maidir leis an gcuid is mó de na ceisteanna a ndeachaigh an Ardchúirt agus an CJEU i ngleic leo agus, go deimhin, thacaigh an gearánach leis an DPC i bhformhór a chuid argóintí in aghaidh seasamh a chuir Facebook chun cinn. Ó thaobh costas de, áfach, tá sé ábhartha a nótáil gur dhúbláil agus go ndearna an gearánach athrá ar sheasaimh a chuir an DPC chun cinn ar cheisteanna éagsúla, seachas é féin a theorannú d’uimhir scoite pointí áit a raibh rud éigin breise nó difriúil do na hargóintí a chuir an DPC ar aghaidh, le rá aige. Ba ghá go raibh sé sin ina chúis le costais a d’fhéadfaí a sheachaint.
Go sonrach, sa líon cásanna áirithe sin áit ar chuir an gearánach pointe breise nó pointe difriúil i láthair, ba é Facebook a chéile comhraic, ní an DPC. Mar sin, mar shampla, áit a ndearna an gearánach an argóint go léiríonn aistrithe AE-SAM sárú ar Airteagail 7 agus 8 den Chairt, ghlac an DPC lena sheasamh ach chuir Facebook ina choinne. Sa mhéid gur seasadh le seasamh an ghearánaigh, leanann sé (i dtuairim an DPC) go mba cheart do Facebook an costas atá mar thoradh air seo a sheasamh.
San áit a raibh easaontas ar an mórphointe idir seasamh an DPC agus an ghearánaigh (ceist a bhain le cé acu an raibh nó nach raibh an DPC faoi cheangal, fiú roimh an tagairt, aistrithe sonraí ó Facebook go dtí SAM a chur ar fionraí), deir an gearánach gur thug CJEU breith ina fhabhar, agus mar sin (dar leis), go mba cheart don DPC a chuid costais ar fad a íoc. Le meas, ní aontaíonn an DPC le loighic a sheasaimh agus le tréithriú an ghearánaigh ar bhreithiúnas an CJEU, ag nótáil, ní hamháin go bhfuil an bhreith bunathraitheach maidir leis an dlí mar a fheidhmíonn sé maidir le húsáid SCCanna le haistrithe sonraí go dtí SAM, ach níos sonraí fós, gur athoibríodh go mór an leithdháileadh freagrachta idir na rialaitheoirí sonraí agus na húdaráis maoirseachta maidir le cosaint sonraí tríd an mbreithiúnas, le dualgas ar na húdaráis mhaoirseachta idirghabháil a dhéanamh, i gcásanna aonair, agus de réir an cháis, á shoiléiriú go pointe thar a bheith suntasach. Rud atá tábhachtach, tá an gearánach mícheart nuair a deir sé gur chinn an CJEU go gcuireann an chumhacht fhionraíoch a dhílsítear in údaráis mhaoirseachta faoi Airteagal 4 de Chinneadh na SCCanna freagra iomlán ar fáil (agus a chuir ar fáil i gcónaí) maidir leis an imní a léirigh an DPC.
Bhí na ceisteanna sin ar fad ina n-ábhar d’aighneachtaí mionsonraithe ag páirtithe chuig an Ardchúirt ar cheist maidir le costais agus is ceist don chúirt a bheidh ann na tosca ar fad atá i gceist a mheá (agus a dhéanamh cothrom) agus é ag déanamh cinnidh cén chaoi ar cheart costais maidir leis na himeachtaí dlí a leithdháileadh agus a chionroinnt.